Faoi Comhairle Contae Shligigh

English

Is é Sligeach an t-ionad daonra is mó in Iarthuaisceart na hÉireann, agus tá ról tábhachtach aige mar lárionad riaracháin, fostaíochta, tráchtála, sláinte agus oideachais le haghaidh cúlchríoch mhór.  Soláthraítear feidhmeanna Chomhairle Chontae Shligigh laistigh de chúig stiúrthóireacht:

  1. Pleanáil, Pobal agus Forbairt Geilleagair;
  2. Bonneagar, Comhshaol agus Seirbhísí Dóiteáin;
  3. Airgeadas;
  4. Tithíocht agus Cúrsaí Corparáideacha;
  5. Fiontar Áitiúil.

Tá deiseanna fostaíochta den scoth i gComhairle Chontae Shligigh i réimse leathan de róil riaracháin, ghairmiúla, chruthaitheacha, theicniúla, agus seirbhísí ginearálta.