Mar chuid d’imeachtaí Lá Mór na Gaeilge — príomhócáid i gclár Sheachtain na Gaeilge Chomhairle Chontae Shligigh — bronnadh scoláireachtaí Gaeltachta ar chúigear scoláirí i Halla an Chontae.
Scoláireachtaí Gaeltachta Bronnta ar Chúigear Scoláirí i Halla an Chontae mar chuid de Lá Mór na Gaeilge
Sa ghriangraf
Ar cúl; Clr Marie Casserley, Stiúrthóir Seirbhísí Jim Molloy, An tSeanadóir Neasa Cosgrove, Oifigeach Gaeilge Edel Mhic Amhlaidh
Ar tosaigh; Cathaoirleach Clr Dónal Gilroy, Deborah Tiernan Colaiste na Trócaire (Mercy College), Laura Higgins Aonad Loch Gile, Coláise na Trócaire (Mercy College), Caitlín O’Callaghan, Coláiste Mhuire, Baile an Mhóta, (Ballymote) Matthew McCorry, Coláiste Cnoc an tSamhraidh (Summerhill College), Méabh Ní Thónair, Pobalscoil Chúl Dheá (Coola PPS).
Tá na scoláireachtaí seo deartha chun deis a thabhairt do dhaoine óga ó Chontae Shligigh taithí thumoideachais Ghaeltachta a fháil agus forbairt a dhéanamh ar a gcuid Gaeilge i dtimpeallacht nádúrtha labhartha.
Chuir Cathaoirleach Chomhairle Chontae Shligigh, Clr. Dónal Gilroy, an-bhród in iúl as iarracht agus tiomantas na scoláirí a léirigh suim sa teanga agus sa chultúr. Ag labhairt dó ag an ócáid bhronnta, dúirt sé:
“Taispeánann páirt a ghlacadh sa scéim scoláireachta teasmhaireacht agus uaillmhian, agus is éacht é a bheith roghnaithe — éacht ar cheart daoibh a bheith thar a bheith bródúil as.”
Thug sé aitheantas freisin don mhéid tairbhe a bhaineann le tréimhse foghlama sa Ghaeltacht:
“Tá súil agam go bhfásfaidh bhur gcuid Gaeilge ar bhealaí nach féidir ach leis an nGaeltacht spreagadh. Guím gach rath oraibh, agus tá súil agam go mbainfidh sibh taitneamh as gach nóiméad den taithí atá romhaibh.”
Is ionann an tionscnamh seo agus infheistíocht sa chéad ghlúin eile de chainteoirí agus lucht tacaíochta na Gaeilge, ag tacú le forbairt phearsanta, oideachasúil agus chultúrtha na scoláirí.
Léiríonn Lá Mór na Gaeilge tiomantas na Comhairle an Ghaeilge a fheiceáil agus a chothú i ngach cuid dá cuid oibre — ó sheirbhísí poiblí go pobail áitiúla agus an chéad ghlúin eile a spreagadh chun bród a bheith acu ina dteanga dhúchais.
Leanfar ar aghaidh le himeachtaí Sheachtain na Gaeilge ar fud na seachtaine, ag cur béime ar cheiliúradh, foghlaim agus rannpháirtíocht don obair agus don phobal araon.

