Tá fógra tugtha ag Cathaoirleach Chomhairle Contae Shligigh an Clr. Dónal Gilroy faoi Ghradaim an Chathaoirligh 2025.
Gradaim an Chathaoirligh 2025
Ag tabhairt Aitheantas dár n-Oibrí Deonacha – Gradaim an Chathaoirligh 2025
Dúirt an Comhairleoir Gilroy
“Ta aithne againn go léar ar dhaoine spéisiálta a thugann séirbhís thar barr dá bpobail, agus tugann Scéim na nGradam an deis, aitheantas a thabhairt daoibh siúd, dá n-iarrachtaí. Cuimsíonn catagóir na nGradam limistéir leathan de ghníomhaíochtaí deonacha agus táim ag cur ceist ar dhaoine an t-am a ghlacadh foirm ainmniúcháin a chur faoinar mbráid le hainm duine nó grúpa a bhfuil ardmeas acu orthu”
Tá sé misniúil go bhfuil an-chuid daoine ag tabhairt suas a gcuid ama agus fuinnimh chomh neamhleithleach dá bpobail agus mar sochaí níor cheart dúinn sin a ghlacadh mar thalamh slán. Tá sé tábhachtach go dtugann muid aitheantas agus moladh dár mórán oibrí deonacha”
Is hiad catagóir na nGradam ná:
- Cultúr, Litríocht & Oidhreacht
- Pobal (Duine Aonárach)
- Pobal (Grúpa)
- An Timpeallacht, Bithéagsúlacht & Gníomhú ar son na hAeráide
- Gradam Éacht ar son an Ghaeilge
- Scoileanna/ Fiontar na n-Óg
- Spórt
- Spiorad Shligigh
Is féidir an fhoirm ainmniúcháin a chomhlíonadh ag an nasc thíos nó trí ghlao a chur ar Comhairle Contae Shligigh ag 071 911 1017 nó trí r-phost a chuir chuig communications@sligococo.ie
Chomh maith leis an gCathaoirleach, tá na comhairleoirí seo a leanas mar bhaill de Choiste na nGradam: Clr. Declan Bree, Clr. Michael Clarke, Clr. Arthur Gibbons, Clr. Gerard Mullaney, Clr. Gino O'Boyle, Clr. Joseph Queenan, Clr. Paul Taylor.
Is é an Céadaoin 31ú Nollaig 2025 an dáta deiridh le haghaidh na hainmniúcháin a bheith curtha faoi bhráid an Chomhairle.

