Rosses Point awarded Blue Flag

Bratach Ghorm bronnta ar an Ros

Bratach Ghorm bronnta ar an Ros

Tá fáilte curtha ag Cathaoirleach Chomhairle Contae Shligigh, an Comhairleoir Dara Mulvey, roimh an bhfógra inniu go bhfuil Bratach Ghorm An Taisce bronnta ar Thrá an Rois do shéasúr 2021.

Beidh an bhratach seo ar foluain a luaithe a bheidh na hoibreacha cosanta cósta críochnaithe ar an dara trá.

Dúirt an Cathaoirleach

‘Tá an Bhratach Ghorm ar cheann de na héicilipéid is aitheanta ar domhan. Is éard is aidhm léi ná feasacht ar an gcomhshaol a ardú agus bainistíocht fhónta chomhshaoil a chur chun cinn ar thránna, muiríní agus uiscí snámha intíre ar fud an domhain. Meastar go bhfuil cáilíocht an uisce “den scoth” ag gach trá Brataí Goirme.’

Ba dhíol sásaimh do Chomhairle Contae Shligigh chomh maith an fógra go raibh Gradam Cósta Ghlais An Taisce bainte amach ag trí cinn de thránna an chontae go ceann bliana eile.  Tá Gradam an Chósta Ghlais (An Bhratach Ghlas) bronnta ar na tránna ag an Ros, An tSrithideach, agus Dún Móráin don bhliain 2021. Tugann an gradam seo aitheantas do thránna as timpeallacht ghlan, cáilíocht uisce den scoth agus áilleacht nádúrtha.

Gné thábhachtach de Ghradam an Chósta Ghlais is ea rannpháirtíocht na ngrúpaí cósta ghlain i mbainistiú na suíomhanna a bhfuil gradam bronnta orthu. Tá Comhairle Contae Shligigh faoi chomaoin ag na grúpaí pobail áitiúil ar an Ros, sa tSrithideach, agus i nDún Móráin as an obair bhainistíochta a dhéanann siad agus as bheith bródúil as feabhas a dtránna áitiúla.