Cathaoirleach tribut to Mona and Chris

Focal ón gCathaoirleach in ómós do Mona McSharry agus Christopher O’Donnell

Thar ceann na gcomhaltaí tofa agus na foirne, ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh lenár mbeirt laochra spóirt áitiúla, Mona McSharry agus Chris O’Donnell.

Is cúis mhór bhróid dúinn go léir, ach do phobal na Gráinsí go háirithe, gurb as an gcontae don bheirt lúthchleasaithe seo atá i mbarr a réime.

Is éacht iontach é go bhfuil áit bainte amach acu ina ndisciplíní faoi seach sna Cluichí Oilimpeacha i dTóiceo agus tá moladh mór tuillte acu ó na meáin spóirt agus ón bpobal i gcoitinne.

Nuair a smaoiníonn tú ar an méid oibre a chaithfear a chur isteach le caighdeán Oilimpeach a bhaint amach, faigheann tú tuiscint éigin ar an éacht ollmhór atá déanta acu, rud a thabharfaidh inspioráid do lúthchleasaithe óga eile amach anseo gan amhras ar bith.

Mar a dhéanaimid machnamh ar a ngairm go dtí seo, táimid ag tnúth go mór le hiad a fheiceáil ag déanamh an bhirt ar son a dtíre agus a bpobail san Cluichí Oilimpeacha an samhradh seo.’