Cúntóir Leabharlainne Sinsearach (Grád IV)
Iarrtar iarratais ó dhaoine a bhfuil na cáilíochtaí oiriúnacha acu ar iad a chur ar áireamh ar phainéil óna bhféadfar tairiscintí fostaíochta a thabhairt le haghaidh na post seo a leanas laistigh de Chomhairle Chontae Shligigh:
Cúntóir Leabharlainne Sinsearach (Grád IV)
Tá foirmeacha iarratais, sonraí cáilíochtaí agus sonraí iomlána na bpost thuas ar fáil ón Roinn Acmhainní Daonna, Comhairle Chontae Shligigh, trí ghlaoch ar 071 911 1025 / 071 911 1073 nó trí ríomhphost chuig jobs@sligococo.ie.
Is féidir foirmeacha a íoslódáil thíos, chomh maith:
Ní mór foirmeacha iarratais comhlánaithe do na poist thuas a sheoladh ar ais chuig an Roinn Acmhainní Daonna trí ríomhphost amháin chuig jobs@sligococo.ie tráth nach déanaí ná 4.30 i.n. ar an Déardaoin 12ú Samhain 2026.
FOSTÓIR COMHDHEISEANNA IS EA COMHAIRLE CHONTAE SHLIGIGH

