Cúlra Gairid

Comhairle Chontae Shligigh - Cúlra Gairid

English

Tionóladh an chéad chruinniú de Chomhairle Chontae Shligigh i Seomra an Ard-Ghiúiré, Teach Cúirte Shligigh, an 22ú Aibreán 1899.  Ba é P.A. McHugh an t-aon duine a ainmníodh mar Chathaoirleach, agus léiríonn an taifead (he) ‘took the chair amidst great acclamation’. John O’Dowd a toghadh d’aonghuth ina Leas-Cathaoirleach.  Seo a bhí le rá ag an nuachtán ‘Sligo Independent’ faoin gcruinniú stairiúil:  ‘It is gratifying to be able to say that their deliberations were conducted with becoming decorum.  If the Council acts with wisdom and prudence, and attend to local affairs, the affairs of the county should progress.’

Cúig mí i ndiaidh dó a bheith tofa, d'éirigh P.A. McHugh as mar Chathaoirleach de bharr go raibh sé faoi bhrú ag a chuid dualgas Parlaiminte agus tháinig John O’Dowd i gcomharbacht air.

An 29ú Bealtaine 1920 a tionóladh an chéad toghchán faoi Ionadaíocht Chionmhar.  Baineadh úsáid as ceithre thoghcheantar in áit an naoi dtoghroinn déag a bhí ann roimhe sin sa toghchán seo: Baile an Mhóta (6 shuíochán), An Droim Mór (4 shuíochán), Sligeach (6 shuíochán) agus Tobar an Choire (4 shuíochán).  Iarrthóirí Shinn Féin a bhuaigh gach ceann den fiche suíochán agus tionóladh an chéad chruinniú den Chomhairle Contae 'Phoblachtánach', mar a tugadh uirthi, an 21ú Meitheamh 1920 inar toghadh John J Clancy ina Chathaoirleach.

Cuireadh deireadh le Comhairlí Ceantair Tuaithe, a bunaíodh faoin Acht Rialtais Áitiúil 1898, faoin Acht Rialtais Áitiúil 1925 agus aistríodh a gcuid feidhmeanna chuig an gComhairle Contae.  Le hAcht 1925 tháinig ardú ar an gcomhaltacht tofa ó 20 go 28:  Baile an Mhóta (8), An Droim Mór (6), Sligeach (8), lena n-áirítear an Borough, Tobar an Choire (6).  Chuaigh ceathrar de na hiarrthóirí a toghadh in 1925 ar aghaidh chun ionadaíocht a dhéanamh ar Shligeach i nDáil Éireann…. Ba iad sin Eugene Gilbride, John Hennigan, Martin Roddy agus Patrick J Rogers.

Faoin Acht um Bainistiú (Contae?) 1940, grúpáladh roinnt contaetha le chéile chun críocha riaracháin, Sligeach agus Liatroim ina measc.  Cailleadh suíochán i ngach toghcheantar i 1942 agus mar sin tháinig laghdú go dtí ceathrar comhaltaí is fiche ar an gcomhairle.

Faoin Acht Sláinte 1970 ghéill Comhairlí Contae a bhfeidhmeanna sláinte do na Boird Sláinte Réigiúnacha nuabhunaithe.  Bunaíodh Coistí Sláinte Áitiúla ar a raibh triúr Comhairleoirí ó gach toghcheantar.

Rinneadh athchóiriú ar na toghcheantair i 1974 mar thoradh ar laghdú ar an daonra agus baineadh suíochán amháin de Thoghcheantair an Droma Mhóir agus Thobar an Choire.  Cuireadh méadú dhá shuíochán leis an ionadaíocht ar thoghcheantar Shligigh freisin, mar sin ní raibh aon athrú ar líon iomlán na suíochán ar an gComhairle, i.e. ceithre shuíochán is fiche.   Mar thoradh ar an Acht Rialtais Áitiúil (Atheagrú) 1985, cuireadh méadú aon suíochán ar an ionadaíocht ar an gComhairle go dtí go dtí cúig shuíochán is fiche.

Eagraíodh feidhmeanna na gComhairlí Contae ina n-ocht ngrúpaí cláir i 1976 agus bhí bunú na gCoistí um Beartais Straitéiseacha i 1999 ar cheann de shraith beart a tugadh isteach faoin bpróiseas athchóirithe ar an Rialtas Áitiúil.

Bhí Teach Cúirte an Chontae inaionad riaracháin ag Contae Shligigh ar feadh dhá chéad bliain, do na hArd-Ghiúiréithe ar dtús agus don Chomhairle Contae ó 1899.  I mí na Bealtaine 1979 a thionóil Comhairle Chontae Shligigh a cruinniú deireanach i dTeach Cúirte Shligigh; tionóladh é i Seomra an Ard-Ghiúiré, an t-ionad céanna leis an gcéad chruinniú den Chomhairle in 1899.  I mí an Mheithimh 1979 rinneadh ceanncheathrú riaracháin Chomhairle Chontae Shligigh de Halla an Chontae, Cois Abhann.

Sliocht as Taifead Céad Bliain de chuid Chomhairle Chontae Shligigh (John C McTernan)