Dréacht-Scéim Vótaíochta do Chomhairle Chontae Shligigh

Tugtar fógra leis seo maidir le dréacht-Scéim Vótaíochta a ullmhú do Chomhairle Chontae Shligigh

FÓGRA MAIDIR LE SCÉIM VÓTÁLA ATHBHREITHNITHE A ULLMHÚ DO CHOMHAIRLE CHONTAE SHLIGIGH

De réir an Achta Toghcháin, 1992, agus na Rialachán Toghcháin (Scéimeanna Vótaíochta) 2021, tugtar fógra leis seo maidir le dréacht-Scéim Vótaíochta a ullmhú do Chomhairle Chontae Shligigh.  Tá cóipeanna den Dréachtscéim ar fáil lena scrúdú ag an bpobal ar shuíomh Gréasáin na Comhairle ag www.sligococo.ie nó in oifigí Chomhairle Chontae Shligigh i Halla an Chontae, Cois Abhann, Sligeach, F91 Y763, ón Déardaoin, 28 Márta 2024 go dtí an Chéadaoin, 1 Bealtaine 2024, le linn gnáthuaireanta oscailte.

Breithneoidh Comhairle Chontae Shligigh ar aighneachtaí maidir leis an Dréacht-Scéim, a chuirfear isteach ar nó roimh an Chéadaoin, 1 Bealtaine 2024.

Is féidir aighneachtaí a chur isteach trí ríomhphost chuig corporate@sligococo.ie nó i scríbhinn chuig:

Dréachtscéim Vótaíochta
Seirbhísí Corparáideacha
Comhairle Chontae Shligigh
Halla an Chontae, Cois Abhann,
Sligeach F91 Y763

J. Moran
Stiúrthóir Seirbhísí Gníomhach

Draft Polling Scheme - Ballymote-Tubbercurry Electoral Area (PDF) - 91 kbs  PDF
Draft Polling Scheme - Sligo-Drumcliff Electoral Area (PDF) - 66 kbs  PDF
Draft Polling Scheme - Sligo-Strandhill Electoral Area (PDF) - 73 kbs  PDF