Dúnadh Sealadach Beartaithe Bóthair - Bóthar Dhoire Darach/an L3601

Beidh an dúnadh beartaithe bóthair sin i bhfeidhm ó 07:00 Dé Luain an 8 Eanáir 2024 go dtí 19:00 Dé hAoine an 9 Feabhra 2024, agus an dá am sin san áireamh.

Comhairle Contae Shligigh

Dúnadh Sealadach Bóithre

Alt 75 d’Acht na mBóithre, 1993

Cuid 8 de Rialacháin na mBóithre, 1994 (I.R. Uimh. 119 de 1994)

Tugtar fógra leis seo go bhfuil sé mar rún ag Comhairle Contae Shligigh Bóthar Dhoire Darach/an L3601 a dhúnadh do thrácht poiblí óna acomhal le bóthar isteach an N4 láimh leis an gCeathrú Rua go dtí an tardhroichead iarnróid.

Beidh an dúnadh beartaithe bóthair sin i bhfeidhm ó 07:00 Dé Luain an 8 Eanáir 2024 go dtí 19:00 Dé hAoine an 9 Feabhra 2024, agus an dá am sin san áireamh, agus is gá é chun suiteáil príomhphíobán uisce nua thar ceann Uisce Éireann a éascú.

Coinneofar rochtain áitiúil ar bun do chónaitheoirí agus d’fheithiclí éigeandála ar fud na tréimhse sin.

Is trí Bhóthar Dhoire Darach/an L3601 go dtí Bóthar Dáileacháin an Iarthair agus go dtí bóthar an N4 a rithfidh an bealach malartach do thrácht sa dá threo.

Bóthar Dhoire Darach/an L3601 (PDF) - 558 kbs  PDF

Aon daoine atá míshásta leis an dúnadh beartaithe bóthair, féadfaidh siad agóid i scríbhinn ina leagfar amach na cúiseanna leis an míshástacht sin a thaisceadh le Emer Concannon Uas., Stiúrthóir Gníomhach Seirbhísí, Rannóg Seirbhísí Bonneagair, Comhairle Contae Shligigh, Cois Abhann, Sligeach, lena fáil tráth nach déanaí ná 12 p.m. meán lae Dé Máirt an 12 Nollaig 2023.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, cuir glao ar an Uas. Keith Monaghan, Innealtóir Feidhmiúcháin, ar 071 9111485.

E. Concannon
Stiúrthóir Gníomhach Seirbhísí