Ceannach Forbairtí Tithíochta Lándéanta le haghaidh Tithíocht Shóisialta

Glao ar Léirithe Spéise

Tithíocht do Chách - Plean Tithíochta Nua d’Éirinn

GLAO AR LÉIRITHE SPÉISE

Ceannach Forbairtí Tithíochta Lándéanta le haghaidh Tithíocht Shóisialta

AIRE:  Conraitheoirí Tógála, Forbróirí, Úinéirí Réadmhaoine

Mar fhreagairt don doiciméad straitéise dar teideal Tithíocht do Chách - Plean Tithíochta Nua d’Éirinn, ar fhoilsigh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta é, Tá Comhairle Contae Shligigh ag iarraidh “Léirithe Spéise” ar dá mbarr is féidir go gceannófar teaghaisí le haghaidh cóiríocht tithíochta sóisialta i mBaile Shligigh agus i lonnaíochtaí sonracha ar fud Chontae Shligigh trí Fhorbairtí Lándéanta a sholáthar idir na blianta 2024 agus 2026, agus an dá bhliain sin san áireamh.

Ceanglaítear cóiríocht ardchaighdeáin atá suite ag láthair mhaith, ar féidir í a sholáthar go luath agus lena mbaineann luach maith ar airgead. Moltar do pháirtithe leasmhara raon feidhme na scéime a athbhreithniú tríd an nasc Gréasáin thíos. Mairfidh téarma na hiarrata seo tréimhse 6 mhí ó dháta an fhógra seo.

An tUas. Jim Molloy, Stiúrthóir Seirbhíse, Comhairle Chontae Shligigh, Halla an Chontae, Cois Abhann, Sligeach, F91Y763. Bain úsáid as clúdach litreach séalaithe a bhfuil “Léiriú Spéise i bhForbairtí Tithíochta Lándéanta a cheannach mar Thithíocht Shóisialta a sholáthar i gContae Shligigh” marcáilte go soiléir air.

 

Turnkey Housing Briefing Document (PDF) - 403 kbs  PDF
Arrangements for the provision by local authorities of Social Housing through Turnkey projects (PDF) - 295 kbs  PDF