Complaints Policy - Gaeilge

Beartas Gearán

Réamhrá

Gabhann Comhairle Contae Shligigh air féin déileáil go héifeachtach le haon ghearáin a d’fhéadfadh a bheith agatsa mar chustaiméir lenár seirbhís.

Má dhéanann an Chomhairle rud éigin mícheart, gabhfaidh muid ár leithscéal agus más féidir, déanfaidh muid iarracht rudaí a chur ina gceart. Tá sé mar aidhm againn freisin foghlaim ónár gcuid botún agus an fhaisnéis a fhaigheann muid a úsáid chun ár seirbhísí a fheabhsú.

 

Cén uair ba cheart an Beartas seo a úsáid?

Nuair a dhéanann tú gearán linn, is gnách go bhfreagróidh muid ar an mbealach atá mínithe againn thíos. Uaireanta, b’fhéidir go mbeadh imní ort faoi ábhair nach gcinneann Comhairle Contae Shligigh iad. Más é seo an cás, cuirfidh muid in iúl duitse ansin cén chaoi do chuid ábhar imní a chur in iúl.

 

Réiteach Neamhfhoirmiúil

Más féidir, creideann muid gur fearr déileáil le rudaí a luaithe is féidir agus ar an mbealach is éasca agus is dírí. Má bhíonn gearán agat, tabhair an gearán d’aird an bhaill foirne a bhfuil tú ag déileáil leis. Déanfaidh sé nó sí iarracht an t-ábhar a réiteach duit ar an bpointe boise. Mar sin féin, féadfaidh sé go mbeidh am ag teastáil uaidh nó uaithi le hé a scrúdú. De ghnáth beidh sé nó sí ar ais i dteagmháil leat taobh istigh de 5 lá oibre ar a mhéad.

Má bhíonn aon cheachtanna le foghlaim ó aghaidh a thabhairt ar do ghearán, tarraingeoidh an ball foirne aird an lucht bainistíochta orthu. Mura bhféadann an ball foirne an t-ábhar a réiteach, míneoidh sé nó sí cén fáth agus ansin féadfaidh tú iarraidh go ndéanfaí imscrúdú foirmiúil ar do ghearán.

 

Cén chaoi gearán foirmiúil a dhéanamh

Féadtar gearán a dhéanamh ar aon cheann de na bealaí seo a leanas:

  1. Féadtar Foirm Ghearáin na Comhairle (Aguisín A) a iarraidh ón duine a bhfuil tú i dteagmháil leis cheana féin.
  2. Féadtar teacht ar an bhFoirm Ghearáin ar shuíomh idirlín na Comhairle ar sligococo.ie
  3. Féadtar ríomhphost a chur chugainn ag corporate@sligococo.ie 
  4. Féadtar litir a chur ar aghaidh, ina dtugtar achoimre ar mionsonraí iomlána an ghearáin, chuig an seoladh seo a leanas - Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach, Seirbhísí Corparáideacha, Comhairle Contae Shligigh, Halla an Chontae, Cois Abhann, Sligeach.

Tá sé mar aidhm againn freisin Foirmeacha Gearáin a bheith ar fáil inár n-áiteanna fáiltithe uile. Tá cóipeanna den Bheartas seo agus den Fhoirm Ghearáin ar fáil i nGaeilge agus i gcló mór de réir mar is gá.

 

Céard ba chóir a chur isteach i do ghearán?

  1. Sonraigh d’ainm, seoladh, uimhir fóin agus seoladh ríomhphoist
  2. Luaigh más tusa an duine atá ag déanamh an ghearáin nó má tá tú ag gníomhú ar son duine éigin eile
  3. Déan cur síos gairid ar céard leis a bhaineann do ghearán, agus luaigh dátaí agus amanna ábhartha, más infheidhme
  4. Déan liosta de do chuid ábhar imní sonracha ag tosú leis an ábhar imní is tábhachtaí
  5. Luaigh go soiléir an méid atá tú ag súil a bhaint amach m.sh. leithscéal, míniú srl
  6. Luaigh an modh cumarsáide is rogha leat

Tabhair do d’aire go gcuideoidh sé leis an Oifigeach Gearán má tá faisnéis bhreise agus/nó cóipeanna de dhoiciméid ábhartha ceangailte le do ghearán.

 

Déileáil le do ghearán

Admhóidh muid go foirmiúil do ghearán taobh istigh de 5 lá oibre agus cuirfidh muid in iúl duit cén chaoi a bhfuil sé i gceist againn déileáil leis.

Iarrfaidh muid ort a insint dúinn cén chaoi ar mhaith leat go ndéanfadh muid cumarsáid leat agus fáil amach an bhfuil aon riachtanais ar leith agat mar shampla, má tá deacrachtaí teanga agat.

Déileálfaidh muid le do ghearán ar bhealach oscailte macánta. Cinnteoidh muid nach mbeidh do chuid idirghníomhaíochtaí leis an gComhairle sa todhchaí thíos leis toisc go ndearna tú gearán.

Má tá gearán á dhéanamh agat thar ceann duine éigin eile, beidh a dtoiliú ag teastáil uainn chun gníomhú thar a gceann.

 

Imscrúdú

Inseoidh muid duit cé air ar iarr muid imscrúdú a dhéanamh ar do ghearán. Má tá do ghearán simplí, de ghnáth iarrfaidh muid ar dhuine ón Rannóg ábhartha féachaint air agus dul ar ais i dteagmháil leat. I roinnt cásanna, má mheastar go bhfuil an gearán de chineál tromchúiseach, féadfaimid iarraidh ar dhuine ó thaobh amuigh den eagraíocht é a imscrúdú.

Tabharfaidh muid breac-chuntas ar ár dtuiscint ar do ghearán agus iarrfaidh muid ort a dhearbhú go bhfuil muid ceart. Iarrfaidh muid ort freisin a insint dúinn cén toradh a bhfuil súil agat leis.

De ghnáth is gá don duine a dhéileálann le do ghearán na comhaid atá againn a bhaineann le do ghearán a fheiceáil. Mura dteastaíonn uait go dtarlódh sé seo, tá sé tábhachtach go gcuirfeá é seo in iúl dúinn. Má tá réiteach simplí ar d’fhadhb, féadfaidh sé go bhfiafróidh muid díot an bhfuil tú sásta glacadh leis seo. Beidh sé mar aidhm againn ábhair imní a réiteach chomh tapa agus is féidir agus beidh muid ag súil le déileáil le formhór mór na ngearán taobh istigh de 30 lá oibre.

Má tá do ghearán níos casta déanfaidh muid an méid seo:

  1. Cuirfidh muid in iúl duit taobh istigh den tréimhse seo cén fáth a gceapaimid go dtógfadh sé níos mó ama imscrúdú a dhéanamh
  2. Inseoidh muid duit cén fhad a bheimid ag súil go dtógfaidh sé
  3. Tabhair muid uasdátú duit gach 20 lá oibre ar aon dul chun cinn a dhéantar

Beidh sé mar aidhm ag an duine atá ag fiosrú d’ábhair imní ar dtús na fíricí a fháil amach. Braithfidh méid an imscrúdaithe seo ar cé chomh casta agus cé chomh tromchúiseach agus atá na saincheisteanna a d’ardaigh tú. I gcásanna casta, féadfaidh sé go ndéanfaidh muid Plean Imscrúdaithe a dhréachtú.

I roinnt cásanna, féadfaidh sé go n-iarrfaidh muid bualadh leat chun do ghearán a phlé. Uaireanta d’fhéadfadh muid idirghabháil nó modh eile a mholadh chun díospóidí a réiteach. Agus do ghearán á imscrúdú againn, féachfaidh muid ar fhianaise ábhartha. D’fhéadfadh comhaid, nótaí comhráite, litreacha, ríomhphoist nó cibé rud a d’fhéadfadh a bheith ábhartha do do ghearán a bheith san áireamh anseo. Más gá, labhróidh muid leis an bhfoireann nó le daoine eile lena mbaineann agus féachfaimid ar ár mBeartais agus ar aon treoir.

 

Toradh

Má dhéanann muid imscrúdú foirmiúil ar do ghearán, cuirfidh muid na torthaí in iúl duit de réir do rogha cineáil cumarsáide. Más gá, cuirfidh muid tuairisc níos faide ar fáil. Míneoidh muid cén chaoi agus cén fáth ar tháinig muid ar na tátail. Ní scaoilfear aon sonraí pearsanta maidir le foireann Chomhairle Contae Shligigh ná aon tríú páirtí mar chuid den fhreagairt.

Má aimsíonn muid go ndearna muid botún, inseoidh muid duit céard a tharla agus cén fáth ar tharla sé. Má fhaigheann muid go bhfuil locht inár gcórais nó sa chaoi a ndéanann muid rudaí, inseoidh muid duit céard ata ann agus cén chaoi a mbeartóidh muid rudaí a athrú chun earráid den chineál céanna a chosc amach anseo.

Má fuair muid mícheart é, gabhfaidh muid leithscéal i gcónaí.

 

Rudaí a chur ina gceart

Mura ndearna muid rud éigin go maith, beidh sé mar aidhm againn é a chur ina cheart. Má chaill tú amach mar thoradh ar dhearmad ar thaobh na Comhairle, déanfaidh muid iarracht thú a chur sa suíomh ina mbeifeá dá mbeadh sé déanta i gceart againn.

 

An tOmbudsman

Mura n-éiríonn linn do ghearán a réiteach, féadfaidh tú gearán a dhéanamh leis an Ombudsman nó leis an Ombudsman do Leanaí más cuí. Tá an tOmbudsman neamhspleách agus féadfaidh sé do ghearán a iniúchadh, má chreideann tú go mbaineann an méid seo leat féin nó leis an duine a bhfuil tú ag gearán thar a cheann:

  1. gur caitheadh go héagórach leat nó leis an duine nó má fuarthas drochsheirbhís trí theip éigin ar ár dtaobhsa.
  2. má tá tú nó an duine faoi mhíbhuntáiste go pearsanta mar gheall ar loiceadh sa tseirbhís

Tá an tOmbudsman ag súil go gcuirfidh tú do ghearán in iúl dúinne ar dtús agus go dtabharfaidh sé deis dúinn rudaí a chur ina gceart.  Féadtar teagmháil a dhéanamh leis an Ombudsman ar na bealaí seo:

  • Fón 01 639 5600   Íosghlao 1890 22 30 30
  • Ríomhphost - ombudsman@ombudsman.ie
  • www.ombudsman.ie
  • I scríbhinn chuig  - Oifig an Ombudsman, 18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2

 

Ceachtanna a fhoghlaim 

Glacann muid go dáiríre le gearáin agus déanfaidh muid iarracht foghlaim ó aon bhotúin a rinne muid. Breithníonn ár bhFoireann Bainistíochta Sinsearaí achoimre ar gach gearán go rialta chomh maith le sonraí faoi aon ghearáin thromchúiseacha.

Sa chás go bhfuil gá le hathrú, ullmhóidh muid Plean Gníomhaíochta ina leagfar amach céard a dhéanfaidh muid, cé a dhéanfaidh é agus cén uair faoina bhfuil sé beartaithe againn é a dhéanamh. Cuirfidh muid ar an eolas thú nuair a bheidh athruithe a gheall muid déanta.

 

Céard a tharlaíonn má theastaíonn cabhair uait?

Beidh sé mar aidhm ag ár bhfoireann cabhrú leat do ghearán a chur in iúl dúinn. Má theastaíonn cúnamh breise uait, déanfaidh muid iarracht thú a chur i dteagmháil le duine éigin a chabhróidh leat.

 

An méid a bhfuil muid ag súil uait

In amanna trioblóide nó anacair, féadfaidh sé go ngníomhóidh roinnt daoine ar bhealaí nach dual dóibh. Féadfaidh sé go raibh cúinsí suaiteacha nó anacracha roimh ghearán. Ní dóigh linn go bhfuil iompar do-ghlactha go díreach mar gheall ar dhuine a bheith forbhríoch nó diongbháilte.

Creideann muid go bhfuil sé de cheart ag gach gearánach go gcloisfí, go dtuigfí agus léireofaí meas orthu. Measann muid freisin, áfach, go bhfuil na cearta céanna ag ár mbaill foirne. Tá muid ag súil mar sin go mbeidh tú dea-bhéasach agus cúirtéiseach agus tú ag plé linn. Ní ghlacfaidh muid le hiompar ionsaitheach nó maslach, éilimh mhíréasúnta nó diongbháilteacht mhíréasúnta.

 

Iompar Neamh-Inghlactha a Bhainistiú 

Féadfaidh go mbeadh gearán dlisteanach fós ag úsáideoirí seirbhíse a léiríonn iompraíocht achrannach agus dá bhrí sin déileálfaidh an Chomhairle i gceart le gach gearán. Mar sin féin, i gcás ina mbíonn iompraíocht úsáideora seirbhíse ina cúis le deacracht do bhaill foirne na Chomhairle, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

  • Cuirfear in iúl go soiléir don úsáideoir seirbhíse céard é an t-iompar do-ghlactha agus an fhadhb atá sé ag cruthú.
  • Glacfaidh an Chomhairle céimeanna chun baill foirne a chosaint i gcúinsí nach bhféadtar glacadh leis an iompar. Féadfaidh sé go n-áireofaí leis seo an t-úsáideoir seirbhíse a chur ar an eolas go bhfuil cinneadh déanta srian a chur ar a rochtain agus a dteagmháil. I gcúinsí den sórt sin, cuirfidh an Chomhairle ráiteas gairid ar fáil don úsáideoir seirbhíse agus achoimre ann ar na cúiseanna leis seo.

 

Foirm Ghearáin (PDF) - 131 kbs  PDF