Scoláireachtaí chuig an Ghaeltacht - Comortáis do Dhaltaí Meánscoile Shligigh

Scoláireachtaí chuig an Ghaeltacht - Comortáis do Dhaltaí Meánscoile Shligigh

Seachtain na Gaeilge 2025

Comórtas 1 - Aiste

Scríobh aiste faoi “An fáth gur mhaith liom freastal a dhéanamh ar Choláiste Samhraidh sa Ghaeltacht”.  Uasmhéid 500 focal

Comórtas 2 – Ealaín

Cruthaigh píosa ealaíona ag léiriú “An Ghaeltacht” 

Duaiseanna

5 x Scoláireacht de €300 le cur le costas cúrsa Gaeltachta 2025. Beidh cruthanais le tabhairt ag daltaí rathúla go bhfuil siad cláraithe i gcúrsa samhraidh 2025 sular n-íocfar an duais leo.

Tá an comórtas oscáilte do mhic léinn a bhfuil ag déanamh freastal ar mheánscoil i gContae Shligigh nó a bhfuil cónaí orthu i gContae Shligigh.

Seol bhur n-iarrachtaí chuig emamhlaidh@sligococo.ie nó trí phost chuig Edel Mhic Amhlaidh, Oifigeach Gaeilge, Comhairle Chontae Shligigh, Áras an Chontae, Cois Abhann, Sligeach F91 Y763 roimh An Luan 3ú Márta 5in.

Is féidir saothar ealaíne a fhagáil ag Oifigí an Chomhairle Chontae F91 Y763 d’aird an t-Oifigeach Gaeilge, más gá.

Déan cinnte go bhfuil ainm an dálta, bliain agus scoil san áireamh ar gach iontráil chomh maith le eolas faoin gcúrsa Gaeltachta a bhfuil siad cláraithe le freastal air.

Bronnfar na scoláireachtaí ar na buaiteoirí ag ocáid in oifigí an Comhairle Contae ar an 12ú Márta 11rn ina mbeidh fáilte roimh múinteoir ón scoil agus a dtuismitheoirí a bheith in éineacht leo. 

Beidh na saothair ealaíne agus na haistí go léar ar taispeáint sa Chomhairle le linn Seachtain na Gaeilge 2025.