URDF funding - Gaeilge

Maoiniú €48m chun athrú ó bhonn a dhéanamh ar lár bhaile Shligigh

Maoiniú €48m chun athrú ó bhonn a dhéanamh ar lár bhaile Shligigh

D’fhógair an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien, maoiniú €48 milliún inniu le haghaidh réimse tionscadal athnuachana i mbaile Shligigh. Tá na tionscadail á maoiniú faoi ‘Ghairm 2’ an Chiste um Athnuachan agus Fhorbairt Uirbeach (URDF).

Maoiníonn an ciste URDF tionscadail a bhfuil d’aidhm acu ceantair uirbeacha a fheabhsú le go meallfaidís níos mó daoine chun maireachtáil iontu, infheistiú iontu agus cuairt a thabhairt orthu.

Is iad seo a leanas na tionscadail a bhfuil tacaíocht URDF faofa ina leith:

  • Plean Ríocht Phoiblí Shligigh – claochlú roinnt mhaith de shráideanna agus spásanna Shligigh – €19.16 milliún
  • Campas na Cathrach – Mol cultúrtha agus foghlama Shligigh – tionscadal spreagúil a chuimseoidh claochlú agus athnuachan straitéiseach láithreán athfhorbraíochta nach mbaintear dóthain úsáide as, atá suite i lár na cathrach idir Sráid Stiofáin agus Bóthar Uí Chonnachtáin.

Is é an fhís atá ann don bhloc uirbeach seo (Bóthar Uí Chonnachtáin / Sráid Stiofáin / Sráid Holborn / Bóthar Inis Locha) ná go mbeadh sé ina mhol nua cultúir, nuála agus foghlama, a mbeidh comhar fuinniúil ann idir Comhairle Chontae Shligigh agus Institiúid Teicneolaíochta Shligigh i dtreo leabharlanna nua poiblí agus acadúla, mol nuálaíochta, spásanna oifige tráchtála, agus spásanna cónaithe srl. a chur ar fáil – €28.68m.

An maoiniú a fógraíodh inniu, cuirfidh sé leis an leithdháileadh tosaigh de €560,000 a fuair Comhairle Chontae Shligigh in 2018, agus cuirfidh sé ar ár gcumas an tionscadal ‘Sráideanna Shligigh’ a chur i bhfeidhm, a raibh comhairliúchán poiblí Chuid 8 ann ina leith ar na mallaibh: https://consult.sligococo.ie/en/consultation/sligo-city-centre-public-realm-enhancement-project.  Tá sé beartaithe go gcuirfear tús le tógáil an tionscadail seo go luath sa bhliain 2022.

Is é a bheidh sa tionscadal ná an chéad chlár i réimse clár i dtaca le hidirghabhálacha ríochta poiblí, a thabharfar chun críche sna chéad 6 bliana eile atá romhainn amach agus a athróidh lár an bhaile ó bhonn. Tá an clár oibreacha seo bunaithe ar Phlean Ríochta Poiblí Shligigh 2018: https://www.sligococo.ie/planning/SligoCityCentrePublicRealmPlan2018/

Arsa Cathaoirleach Chomhairle Chontae Shligigh, an Comhairleoir Dara Mulvey,

‘An dá scéim seo a fógraíodh ar maidin, spreagfaidh siad athnuachan ár mbaile go suntasach, agus cuirfidh siad borradh mór faoin ngeilleagar agus faoin gcruthú post i Sligeach, rud a bhfuil géarghá leis – sa bhaile agus sa chontae araon. Chun na feabhsúcháin seo ar ár sráideanna agus ár spásanna a chur i gcrích, beidh athrú ag teastáil ar an gcaoi a n-úsáidimid ár mbaile agus anuas air sin, beidh gá lenár meon a athrú faoi thábhacht feithiclí le hais daoine. Dírítear inár gClár Ríochta Poiblí do bhaile Shligigh ar ár sráideanna agus ár spásanna a aisghabháil chun tairbhe ár bpobal, d’fhonn na heispéiris a bheidh á soláthar sa bhaile a fheabhsú thar na bearta do mhuintir Shligigh, do thurasóirí, do chuairteoirí agus do ghnóthais.’

D’fháiltigh Méara Shligigh, an Comhairleoir O’Grady leis an bhfógra:

‘Tá athrú tagtha ar an gcineál miondíola a bhíonn ar siúl inniu, agus de réir mar a aistríonn daoine i dtreo an idirlín chun a gcuid siopadóireachta a dhéanamh, ní mór dúinn, mar údarás áitiúil, a bheith nuálach agus roghanna cróga a dhéanamh lena chinntiú gur bailte agus sráidbhailte feiceálacha, inmharthana agus fuinniúla a bheidh ionainn go fóill. Is gá dúinn lár ár mbailte a athshamhlú, daoine agus poist a mhealladh, agus ar an gcaoi sin, timthriall athnuachana agus athghiniúna a chruthú, a bhuanóidh é féin ar bhonn leanúnach agus a chinnteoidh go n-áireofar ár gceantair uirbeacha mar cheantair thábhachtacha amach anseo. Is eiseamláir den dúshlán agus den fhís sin an dá thionscadal seo.’

Thréaslaigh Príomhfheidhmeannach Gníomhach Tom Kilfeather ardchaighdeán na haighneachta maoinithe le foireann tionscadail Chomhairle Chontae Shligigh.

‘Tá moladh mór tuillte ag Dorothy Clarke, Stiúrthóir Seirbhísí, Frank Moylan, Pleanálaí Sinsearach, Leonora McConville, Pleanálaí Feidhmiúcháin agus a bhfoireann as iarratas den scoth ar mhaoiniú a réiteach faoin Scéim URDF. Is mian liom freisin aitheantas a thabhairt dár gComhairleoirí agus dár dTeachtaí Dála áitiúla as a dtacaíocht ag gach céim den phróiseas seo. Is iontach an dea-scéal é fógra an lae inniu don Údarás agus do mhuintir Shligigh.’

Dála Stiúrthóir Seirbhísí Chomhairle Chontae Shligigh Dorothy Clarke,

‘Is gá d’ionaid uirbeacha níos mó ná seirbhísí miondíola a thairiscint sa lá atá inniu ann. Ní foláir dóibh ‘eispéireas’ a chur ar fáil. Teastaíonn láithreacha taitneamhacha compordacha a tharraingeoidh daoine agus ina mbeidh deiseanna chun siopadóireacht agus siopadóireacht fuinneoige a dhéanamh, chun ithe agus ól, ach freisin chun breathnú ar an saol mór ag dul thar bráid, chun caidreamh a dhéanamh le daoine, fanacht thart, aclaíocht a dhéanamh, agus taitneamh a bhaint as siamsaíocht sráide. Chun an fhís sin a fhíorú, is gá dúinn leas difriúil a bhaint as ár spásanna, agus is chun an méid sin a bhaint amach atá an clár ríochta poiblí molta seo ceaptha.’

 

Faisnéis Tionscadail

Plean Ríochta Poiblí

Tá an clár Ríochta Poiblí do Shligeach bunaithe ar Phlean Ríochta Poiblí 2018, a réitigh an chuideachta Building Design Partnership i gcomhairle le Rannóg Pleanála Chomhairle Chontae Shligigh.

Is é aidhm an chláir ina iomláine ná baile Shligigh a fheabhsú agus a chur chun cinn mar áit tharraingteach thaitneamhach le maireachtáil ann, le hinfheistiú ann agus le cuairt a thabhairt air.

San áireamh inár gclár go dtí seo, ach gan a bheith teoranta dóibh, tá na tionscadail seo a leanas:

  1. Spás mealltach a chruthú ag Crios an Mhargaidh, a mbeidh daoine in ann úsáid a bhaint as;
  2. An tsráid stairiúil, Sráid na Mainistreach, a fheabhsú;
  3. Carrchlós Shráid na Cé a athfhorbairt chun spás poiblí nua a dhéanamh de;
  4. Straitéis maidir le treochomharthaíocht agus comharthaí a chur i bhfeidhm do bhaile Shligigh.

Tá Comhairle Chontae Shligigh tiomanta don chlár seo agus tá siad ag tnúth lena chur i bhfeidhm sna 6-7 de bhlianta atá romhainn amach, i gcomhar le grúpaí pobail, gnóthais, agus úinéirí réadmhaoine áitiúla, comhaltaí Chomhairle Chontae Shligigh agus an pobal i gcoitinne.

 

Campas na Cathrach – mol cultúrtha agus foghlama

Is é atá i gceist leis an tionscadal Campas na Cathrach ná bloc talún i lár bhaile Shligigh, ar láithreán athfhorbraíochta leath-thréigthe é nach bhfuil dóthain úsáide á baint as, a chlaochlú, a athnuachan agus a athfhorbairt go straitéiseach. Tá an láithreán sin suite idir Leabharlann an Chontae agus Bóthar Uí Chonnachtáin.  

An fhís atá againn ná go mbeadh an bloc uirbeach seo (Bóthar Uí Chonnachtáin / Sráid Stiofáin / Sráid Holborn / Bóthar Inis Locha) ina mhol cultúir, nuála agus foghlama lonnaithe i gcroílár Shligigh, a áireoidh cuid de na gnéithe seo a leanas nó iad ar fad:

  • Lárleabharlann nua a bheidh comhshuite le brainse acadúil de leabharlann IT Shligigh; tabharfar Lárionad Foghlama agus Giniúna Smaointe Shligigh air – SLIGC ar an dá láthair le chéile;
  • Músaem contae nua ina gcuirfear oidhreacht chultúrtha shaibhir Shligigh ar taispeáint, agus a bheidh mar thaitneamhacht turasóireachta shuaitheanta suite i gcroílár na cathrach;
  • Athchóiriú agus athúsáid an fhoirgnimh leabharlainne reatha
  • Forbraíocht fiontraíochta agus oifige a sholáthróidh spás céimithe do ghnóthais nuathionscanta ón SLIGC;
  • Aonaid chónaithe a chuirfidh maireachtáil agus obair i lár na cathrach chun cinn;
  • Spásanna poiblí ardcháilíochta

Cuirfidh athnuachan agus athfhorbairt an cheantair seo le forbairt Shligigh, sa chaoi go mbeidh an contae in ann an tairseach chriticiúil a bhaint amach a bheidh in ann fostaíocht, tallann agus deiseanna infheistíochta a tharraingt ar bhealach inmharthana amach anseo, agus ag an am céanna, go mbeidh ardchaighdeán maireachtála ann i lár na cathrach. Cuirfear cóiríocht chomhaimseartha fhairsing leis an stoc tithíochta, rud atá ag teastáil go géar, agus cruthófar limistéar fuinniúil uirbeach nua sa chathair, limistéar a mbeidh tóir air mar áit bhríomhar le cónaí ann. 

Tacaíonn na tionscadail roghnaithe uile le ‘toradh straitéiseach náisiúnta’ an Chreata Náisiúnta Pleanála, mar atá, forbairt dhlúth, téama a raibh aird ar leith á díriú air le linn na dara gairme le haghaidh thograí URDF.  Is é aidhm an Chiste ná sciar níos mó forbraíochta cónaithe agus tráchtála a éascú, a dtacóidh bonneagar, seirbhísí agus taitneamhachtaí leis, laistigh de na ceantair fhoirgnithe sna lonnaíochtaí uirbeacha móra atá ann cheana.