Oifigeach Gaeilge

Iarrtar iarratais ó dhaoine a bhfuil na cáilíochtaí oiriúnacha acu ar iad a chur ar áireamh ar phainéal óna bhféadfar tairiscintí fostaíochta sealadaí nó buaine a thabhairt le haghaidh an phoist seo a leanas laistigh de Chomhairle Contae Shligigh:

Oifigeach Gaeilge agus Cumarsáide (Grád VII)

Is féidir foirmeacha iarratais, mionsonraí faoi cháilíochtaí agus mionsonraí iomlána faoin bpost thuas a fháil ón Rannóg Acmhainní Daonna, Comhairle Contae Shligigh, trí ghlao a chur ar 071-9111025 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig jobs@sligococo.ie. Is féidir leat na foirmeacha a íoslódáil anseo freisin:

Oifigeach Gaeilge agus Cumarsáide - Leabhrán Faisnéise d’Iarrthóirí (PDF) - 132 kbs  PDF
Oifigeach Gaeilge agus Cumarsáide - Foirm iarratais (DOCx) - 80 kbs  WORD

Ní mór foirmeacha iarratais comhlánaithe ar an bpost thuas a chur isteach chuig an Rannóg Acmhainní Daonna le ríomhphost, agus ar an modh sin amháin, chuig jobs@sligococo.ie tráth nach déanaí ná 4.30 p.m. Dé hAoine an 24 Márta 2023.

 

FOSTÓIR COMHDHEISEANNA IS EA COMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH