Garda Tarrthála Trá Sealadach
Iarrtar ar iarratais ó dhaoine leis na cáilíochtaí cuí nach lú ná 18 mbliana d’aois ar an 1 Bealtaine 2025, lena gcur ar phainéil ónar féidir tairiscintí fostaíochta a dhéanamh do na poist seo a leanas, do Shéasúr Snámha 2025:
Garda Tarrthála Trá Sealadach
- Trá an Rois
- Trá Inis Crabhann
- Trá na Srithidí
- Trá Dhún Móráin
Ba cheart go mbeadh Gradam reatha Garda Tarrthála Náisiúnta an IWS nó a chomhionann (íosriachtanas) ag iarratasóirí mar atá aitheanta ag an ILS (Cónaidhm Idirnáisiúnta Tarrthála)
Tá foirmeacha iarratais, sonraí cáilíochtaí agus sonraí iomlána na bpost thuas ar fáil ón Roinn Acmhainní Daonna, Comhairle Chontae Shligigh ach glaoch a chur ar 071-9111025 / 071-9111073 nó trí ríomhphost chuig jobs@sligococo.ie .
Is féidir foirmeacha a íoslódáil thíos, chomh maith:
Ní mór foirmeacha iarratais comhlánaithe a sheoladh ar ais chuig an Roinn Acmhainní Daonna trí ríomhphost amháin chuig jobs@sligococo.ie tráth nach déanaí ná 4.30 p.m. ar an Déardaoin 6ú Márta 2025.
FOSTÓIR COMHDHEISEANNA IS EA COMHAIRLE CHONTAE SHLIGIGH