Comhraiceoir Dóiteáin ar Áirithíocht

Comhraiceoir Dóiteáin ar Áirithíocht - Briogáid Thobar an Choire

Iarrtar iarratais ó dhaoine a bhfuil na cáilíochtaí oiriúnacha acu ar iad a chur ar áireamh ar phainéil óna bhféadfar tairiscintí fostaíochta a thabhairt le haghaidh na bpost seo a leanas laistigh de Chomhairle Chontae Shligigh:

Comhraiceoir Dóiteáin ar Áirithíocht - Briogáid Thobar an Choire

Is féidir foirmeacha iarratais, mionsonraí faoi cháilíochtaí agus mionsonraí iomlána faoi na poist thuas a fháil ón Rannóg Acmhainní Daonna, Comhairle Contae Shligigh, trí ghlao a chur ar 071 911 1025 / 071 911 1073 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig jobs@sligococo.ie.  Is féidir foirmeacha a íoslódáil thíos, chomh maith:

Candidate Information Booklet - Retained Firefighter - Tubbercurry (PDF) - 110 kbs  PDF
Retained Firefighter - Tubbercurry - Application Form (DOCx) - 76 kbs  WORD

Ní mór foirmeacha iarratais comhlánaithe ar na poist thuas a chur isteach chuig an Rannóg Acmhainní Daonna le ríomhphost, agus ar an modh sin amháin, chuig jobs@sligococo.ie tráth nach déanaí ná 4.30 p.m Déardaoin 5ú Nollaig 2024.

 

FOSTÓIR COMHDHEISEANNA IS EA COMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH