Sainmhínítear Soláthairtí Beaga Príobháideacha mar iad sin ‘a fhreastalaíonn ar ghníomhaíocht tráchtála nó phoiblí, ina ndéanann an t-aonán tráchtála nó poiblí céanna asbhaint, cóireáil agus dáileadh uisce cóireáilte a bhainistiú’.
Fógra Do Soláthairtí Uisce Óil Príobháideacha
I measc samplaí de Sholáthairtí Beaga Príobháideacha tá: Leaba & Bricfeasta/Ionaid/Réadmhaoine tráchtála a bhfreastalaíonn tobar orthu.
MÁS ÚINÉIR SOLÁTHAR UISCE PRÍOBHÁIDEACH TÚ AGUS MÁ DHÉANANN DO SHOLÁTHAR SEIRBHÍS AR AN PHOBAL NÓ MÁS GNÍOMHAÍOCHT TRÁCHTÁLA í? (Nó má tá tú ag soláthar níos mó ná 10m3 (10,000 lítear) in aghaidh an lae nó ag soláthar níos mó ná 50 duine).
Meastar gur Soláthar Beag Príobháideach thú faoi Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Uisce Óil) 2023.
Faoi na Rialacháin seo, is í Comhairle Contae Shligigh an t-údarás maoirseachta do Sholáthairtí Beaga Príobháideacha (SBP) agus tá siad freagrach as a chinntiú go gcomhlíonann anailís pharaiméadrach na soláthairtí seo na caighdeáin cháilíochta atá leagtha amach i dTáblaí A, B agus D i Sceideal 1 de na Rialacháin.
Ceanglaítear ar gach údarás áitiúil faoi Rialachán 14(5) de Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Uisce Óil) 2023 clár Soláthairtí Príobháideacha Uisce a choinneáil laistigh dá limistéar feidhme.
De réir Alt 14(7) de na Rialacháin ‘soláthróidh soláthraí uisce, mar a ordóidh údarás maoirseachta, don údarás maoirseachta cibé sonraí a mheasann an t-údarás atá riachtanach chun clár agus taifid atá cothrom le dáta a choinneáil’.
Ní mór duit do Sholáthar a Chlárú le Comhairle Chontae Shligigh anois.
Déan teagmháil le do thoil le 071 911 1461 / dwnotifications@sligococo.ie nó tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Chomhairle Chontae Shligigh chun foirm chlárúcháin a fháil/chun tuilleadh eolais a fháil.