Fógra Faoi Dréacht Buiséad Bliantúil

Tionólfar Cruinniú Bliantúil an Bhuiséid Dé hAoine 22 Samhain 2024 ar 10.00 am

Tugtar fógra leis seo go bhfuil an Dréachtbhuiséad Bliantúil do Chomhairle Contae Shligigh, don bhliain airgeadais áitiúil dar críoch an 31 Nollaig 2025, ullmhaithe agus go mbreithneoidh an Chomhairle é ag an gCruinniú Buiséid Bliantúil a thionólfar in oifigí Chomhairle Chontae Shligigh ag Halla an Chontae, Cois Abhann, Sligeach, ag tosú ar 10.00 am, Dé hAoine 22 Samhain 2024.

Beidh cóip den dréachtbhuiséad ar fáil in oifigí na Comhairle Contae, Halla an Chontae, Cois Abhann, Sligeach agus is féidir le duine ar bith den phobal é a iniúchadh le linn gnáthuaireanta oifige .i. 9.00rn go 5.00in, Luan go hAoine, laethanta saoire poiblí/ bainc eisiata.

Arna dhátú an 13 Samhain 2024 seo.

Marie Whelan
Bainisteoir Airgeadais