Dúnadh Sealadach Bóithre - Ascaill an Eanaigh (an L-7430-0)

Dúnfar an bóthar seo ó 11.15 am go 2.00 pm Dé Domhnaigh 25 Lúnasa, 2024.

COMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH
DÚNADH SEALADACH BÓITHRE
ALT 75 D’ACHT NA mBÓITHRE, 1993, AGUS CUID 8 DE RIALACHÁIN NA mBÓITHRE, 1994
(I.R. UIMH. 119 DE 1994)

Tugtar fógra leis seo faoin gcinneadh ó Chomhairle Contae Shligigh Ascaill an Eanaigh (an L-7430-0) a dhúnadh do gach trácht feithiclí óna hacomhal leis an R286, lena n-áirítear an L-74301-0 agus an L-74302-0, ar bóithre tadhlacha cul-de-sac iad, ó 11.15 a.m. go 2.00 p.m. Dé Domhnaigh an 25 Lúnasa 2024.

Tá an dúnadh sealadach bóithre sin ag teastáil chun reáchtáil Thrí-atlan Shligigh 2024 a éascú.

Coinneofar rochtain áitiúil ar bun do chónaitheoirí Ascaill an Eanaigh ar lá an imeachta, nuair is féidir.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, déan teagmháil le S. McNamara Uas. ar 0719111495.

Emer Concannon
Stiúrthóir Gníomhach Seirbhísí