Dúnadh Sealadach Bóithre - 5km Sráideanna Shligigh

Beidh na bóithre dúnta ó 7 p.m. Dé Sathairn, an 21 Meitheamh 2025, go 9 p.m. Dé Sathairn, an 21 Meitheamh 2025.

COMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH
DÚNADH SEALADACH BÓITHRE
ALT 75 D’ACHT NA mBÓITHRE, 1993
Cuid 8 de Rialacháin na mBóithre, 1994 (I.R. Uimh. 119 de 1994)

Tugtar fógra leis seo faoin gcinneadh ó Chomhairle Contae Shligigh na bóithre seo a leanas a dhúnadh do thrácht poiblí: Sráid Stiofáin; Bóthar Markievicz; The Slip; Lake Isle Road; Sráid an Droichid; Sráid Thomáis; Sráid an Chaisleáin; Sráid an Mhargaidh; Sráid Grattan; Sráid Uí Chonaill; Sráid Knox; Hyde Bridge; Paráid John F. Kennedy; Cois Abhann; Páirc Uí Dhúrthuile; Bóthar an Chrainn Mhóir; Ardán San Anna; agus Bóthar an Phríosúin.

Tá an dúnadh bóithre sin ag teastáil chun reáchtáil an imeachta ‘Sráideanna Shligigh’, rith 5 km, a éascú. Beidh na bóithre dúnta ó 7 p.m. Dé Sathairn, an 21 Meitheamh 2025, go 9 p.m. Dé Sathairn, an 21 Meitheamh 2025.

Coinneofar trácht siar ag Acomhal Shráid na Cé/Shráid an Fhíona le hAcomhal Shráid Uí Chonaill/Shráid Knox, ag Acomhal Lake Isle Road/Shráid an Droichid, ag Acomhal na Sráide Airde/na nGairdíní Thiar, ag Acomhal Shráid Taoiling/Shráid an Chaisleáin, ag Sráid na Mainistreach/Bóthar Chois Abhann, ag Bóthar an Chrainn Mhóir/Sráid an tSéipéil, agus ag Páirc Uí Dhúrthuile/Bóthar an Chrainn Mhóir.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, cuir glao ar Sorcha Sheehy, Innealtóir Limistéir, ar 071 9111483.

Jim Molloy
Stiúrthóir Seirbhísí