Dúnadh Sealadach Beartaithe Bóthair - An Leathros Seó Eitleoireachta

Tá sé beartaithe na bóithre sin a dhúnadh go sealadach idir 10.00 agus 17.00 Dé Domhnaigh an 28 Iúil, 2024.

COMHAIRLE CONTAE SHLIGIGH
DÚNADH SEALADACH BÓITHRE
ALT 75 D’ACHT NA mBÓITHRE, 1993

Tugtar fógra leis seo go bhfuil sé mar rún ag Comhairle Contae Shligigh na bóithre seo a leanas a 
dhúnadh do thrácht poiblí:


Dúnadh Sealadach Beartaithe Bóthair Uimh. 1

An R277/Bóthar an Aerfoirt idir an bealach isteach i bPáirc Carbhán an Leathrois agus Aerfort 
Shligigh, áit nach dtabharfar rochtain ach amháin do dhaoine a bhfuil ticéad acu.


Dúnadh Sealadach Beartaithe Bóthair Uimh. 2 

Dúnadh bhóthar an L-7505-0 idir an bealach isteach i Lána Chois Farraige agus pointe tosaithe na 
Siúlóide Lúibe.
Tá sé beartaithe na bóithre sin a dhúnadh go sealadach idir 10.00 agus 17.00 Dé Domhnaigh an 28
Iúil, 2024 chun cabhrú le Seó Eitleoireachta a chur ar siúl ag Aerfort Shligigh.
Ní cheadófar ach rochtain áitiúil amháin.


Aon duine atá míshásta leis an dúnadh beartaithe bóithre, féadfaidh sé/sí agóid i scríbhinn ina 
leagfar amach na cúiseanna leis an míshástacht sin a thaisceadh le Emer Concannon Uas., Stiúrthóir 
Gníomhach Seirbhísí, Rannóg Seirbhísí Bonneagair, Comhairle Contae Shligigh, Cois Abhann, 
Sligeach, lena fáil tráth nach déanaí ná 5.00 p.m. Dé Céadaoin an 3ú Iúil 2024.


Chun tuilleadh faisnéise a fháil, cuir glao ar Sarah McNamara ar 071 9111495.

Emer Concannon
Stiúrthóir Gníomhach Seirbhísí