Dréacht-Phlean Forbartha Contae Shligigh 2024-2030

Comhairliúchán ar na Leasuithe atá Beartaithe - An 7 Meitheamh go dtí an 5 Iúil 2024

Dréacht-Phlean

D’ullmhaigh Comhairle Contae Shligigh Dréacht-Phlean Forbartha do Chontae Shligigh don tréimhse 2024 go 2030, de réir na bhforálacha den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú). Bhí an Dréacht-Phlean agus na doiciméid ghaolmhara ar thaispeáint phoiblí ón 13 Deireadh Fómhair go dtí an 22 Nollaig 2023. Fuarthas 211 cheann d’aighneachtaí agus barúlacha san iomlán le linn na tréimhse comhairliúcháin.

Na Leasuithe atá Beartaithe

Tugtar fógra leis seo go bhfacthas do na comhaltaí tofa de Chomhairle Contae Shligigh gur cheart an Dréacht-Phlean a leasú, tar éis dóibh breithniú a dhéanamh ar an Dréacht-Phlean Forbartha agus ar an Dara Tuarascáil ón bPríomhfheidhmeannach ar aighneachtaí agus barúlacha a bhaineann leis an Dréacht-Phlean agus le doiciméid ghaolmhara. Dá ndéanfaí na leasuithe atá beartaithe, b’ionann iad agus athruithe ábhartha ar an Dréacht-Phlean.

Measúnachtaí timpeallachta

De bhun alt 12(7)(aa) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú), chinn an tÚdarás Pleanála go gceanglaítear measúnacht straitéiseach timpeallachta agus measúnacht chuí a dhéanamh i leith na n-athruithe ábhartha atá beartaithe ar an Dréacht-Phlean Forbartha. Rinneadh na measúnachtaí sin agus cuireadh a bhfionnachtana ar áireamh sna hAguisíní faoi seach a ghabhann leis na tuarascálacha timpeallachta atá ann cheana, atá foilsithe in éineacht leis an doiciméad ar na Leasuithe atá Beartaithe.

Doiciméid chomhairliúcháin

Beidh na Leasuithe atá Beartaithe ar an Dréacht-Phlean agus na doiciméid ghaolmhara ar fáil lena léamh agus lena n-íoslódáil ó thairseach Comhairliúcháin Phoiblí Chomhairle Contae Shligigh ag consult.sligococo.ie ón Aoine an 7 Meitheamh 2024 i leith.

Is féidir cóipeanna clóite a iniúchadh ag na láithreacha seo a leanas:

  • An Rannóg Pleanála, Halla na Cathrach, Sráid na Cé - 10am go 4pm
  • Leabharlann Contae Shligigh - le linn gnáthuaireanta oscailte
  • Leabharlann Thobar an Choire, Teach Laighne - le linn gnáthuaireanta oscailte
  • Leabharlanna Brainse Bhaile an Mhóta agus Inis Crabhann - le linn gnáthuaireanta oscailte
  • Oifigí Limistéir Inis Crabhann, Thobar an Choire agus Bhaile an Mhóta - le linn gnáthuaireanta oscailte

Féadfar cóipeanna clóite de na Leasuithe atá Beartaithe agus de na doiciméid ghaolmhara a ordú lena gceannach ó Oifig Pleanála Chomhairle Contae Shligigh, Halla na Cathrach, Sráid na Cé, Sligeach (Teil. 071 911 4440).

Aighneachtaí

Féadfar aighneachtaí nó barúlacha maidir leis na Leasuithe atá Beartaithe, agus maidir leo sin amháin, a dhéanamh i scríbhinn ón 7 Meitheamh 2024 go dtí 4pm an 5 Iúil 2024.

Tá sé tábhachtach cód an Leasaithe nó na Leasuithe atá Beartaithe lena mbaineann an aighneacht a shonrú – i bhformáid “PA-XY” nó “PAZ-QW”, de réir mar a bheidh. Cabhróidh sé sin leis an tsaincheist nó na saincheisteanna a shainaithint agus le freagra cuí a ullmhú sa Tuarascáil deiridh ón bPríomhfheidhmeannach.

Ba cheart aighneachtaí a dhéanamh trí Thairseach Comhairliúcháin na Comhairle ag consult.sligococo.ie.

Cé NACH moltar déanamh amhlaidh, féadfar aighneachtaí a bhfuil “Na Leasuithe atá Beartaithe ar Dhréacht-Phlean Forbartha Contae Shligigh 2024-2030” mar cheannteideal orthu a sheoladh le ríomhphost chuig cdp@sligococo.ie nó le casadh an phoist chuig:

Siobhán Gillen Uas.
Oifigeach Riaracháin
An Rannóg Pleanála, Comhairle Contae Shligigh
Halla na Cathrach, Sráid na Cé, Sligeach, F91 PP44

Cuirfear na haighneachtaí uile in eagar, más gá (chun an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí a chomhlíonadh), agus cuirfear iad ar fáil lena léamh ag an bpobal ar Thairseach Comhairliúcháin na Comhairle.

Glacfar le haighneachtaí go dtí 4pm Dé hAoine an 5 Iúil 2024. Ní dhéanfar aon bhreithniú ar aighneachtaí déanacha.

Dorothy Clarke
Stiúrthóir um Pleanáil, Oidhreacht, Pobal agus Forbairt Eacnamaíoch

Comhairle Contae Shligigh