Ceapachán Cathaoirligh chuig na Comhpháirtíochtaí nua um Shábháilteacht Pobail Áitiúil do Chontae Shligigh

Ba cheart léirithe spéise a chur isteach tráth nach déanaí ná 5.00in ar an Céadaoin, 31ú Iúil 2024.

Glao ar Léirithe Spéise

Ceapachán Cathaoirligh chuig na Comhpháirtíochtaí nua um Shábháilteacht Pobail Áitiúil do Chontae Shligigh

Tá Comhpháirtíochtaí Áitiúla um Shábháilteacht Pobail nua á mbunú i ngach limistéar Údaráis Áitiúil de réir an Achta um Póilíneacht, Slándáil agus Sábháilteacht Pobail 2024. Tógfaidh na Comhpháirtíochtaí nua seo ar na Comhchoistí Póilíneachta (CCPanna) atá ann cheana agus cuirfidh siad iad ina n-ionad Cuirfidh siad fóram ar fáil do ghníomhaireachtaí Stáit. agus ionadaithe pobail áitiúla chun oibriú le chéile ag an leibhéal áitiúil chun gníomhú ar ábhair imní an phobail. Éascóidh sé seo fóram níos iomlánaíoch do phlé, do chinntí agus do ghníomhaíocht ar thosaíochtaí pobail.

Mar gheall ar fhadhbanna teicniciúil leis an r-phost a tugadh, tá Comhairle Chontae Shligigh ag tabhairt síneadh ama don data críoch chun léirithe spéise lena mbreithniú a sheoladh isteach, chun Cathaoirleach a cheapadh do Chomhpháirtíochtaí nua um Shábháilteacht Pobail Áitiúil atá le bunú i ngach aon limistéar Údaráis Áitiúil i gcomhréir leis an Acht um Póilíneacht, Slándáil agus Sábháilteacht Pobail 2024.

Bí cheart léirithe spéise a sheoladh chuig LCSP@sligococo.ie roimh an 5.00in ar an Céadaoin, 31ú Iúil 2024.

Tabhair faoi deara gur cheart léirithe spéise ar bith a seoladh isteach cheana féin a athsheoladh mar go bhfuil baol ann nach shroich siad muid mar gheall ar an fhadhb teicniciúil leis an seoladh r-phost.

Gabhann Comhairle Chontae Shligigh ár leithscéal faoi aon mhíchaoithiúlacht.

CSPA Cathaoirligh - Léirithe Spéise - Leabhrán Eolais (PDF) - 158 kbs  PDF