The late Patsy Barry - RIP

Patsy Barry ar shlí na fírinne

Patsy Barry ar shlí na fírinne

Tá ómós tugtha ag Cathaoirleach Chomhairle Contae Shligigh, an Comhairleoir Dara Mulvey, agus ag an bPríomhfheidhmeannach Gníomhach, Tom Kilfeather, don iarChomhairleoir Patsy Barry, a cailleadh Dé Céadaoin seo caite.

Dúirt an Cathaoirleach

“Ba chúis mhór bróin dúinn ar fad a chloisteáil go raibh ár gcomhghleacaí Patsy Barry tar éis imeacht uainn ar shlí na fírinne. Ionadaí poiblí den chéad scoth ba ea é, a rinne a dhícheall i gcónaí do mhuintir a cheantair. Bhí cáil air i bhfad is i ngearr as bheith idir chairdiúil agus fhlaithiúil. Ambasadóir iontach do Thuaisceart Shligeach ab ea Patsy, agus bhí sé ina chrann taca ag roinnt mhaith tionscadal ina gceantar féin."

Chuimhnigh an Príomhfheidhmeannach Gníomhach siar ar ‘an mbród a bhí ag Patsy as a phobal agus as a chontae. D’oibrigh sé gan stad gan staonadh le Contae Shligigh a fhás agus a fhorbairt, agus ba léir a dhíograisí a bhí sé faoina chuid oibre ón iliomad coistí ar fhóin sé orthu, roinnt mhaith acu mar Chathaoirleach.  Bhí a chuid taithí agus saineolais thar a bheith luachmhar don Chomhairle seo nuair a bhí sé ina Chathaoirleach agus ina Chomhairleoir.’

Rinneadh Patsy a chomhthoghadh chun Chomhairle Contae Shligigh i mí an Mheithimh 1997, tráth ar tháinig sé i gcomharbacht ar an Seanadóir Willie Farrell.  Toghadh chun na Comhairle in 1999 é agus atoghadh in 2004 é.  Toghadh mar Chathaoirleach na Comhairle in 2005 é, agus bhí sé ina Chathaoirleach ar an gCoiste Beartais Straitéisigh um Phleanáil agus Forbairt agus ar Fhóram Oidhreachta Chontae Shligigh.

Beidh na comhaltaí tofa agus na baill foirne ag smaoineamh go ceanúil ar Patsy agus ag guí ar son a mhná, Noreen, agus a mhuintir.