Recreation Projects Funding

Fáiltíonn an Cathaoirleach roimh mhaoiniú le haghaidh tionscadail áineasa faoin aer

Images Photo 1
Images Photo 2

Tá Cathaoirleach Chomhairle Chontae Shligigh, an Comhairleoir Dara Mulvey, tar éis fáilte a chur roimh an bhfógra go gcuirfear maoiniú ar fáil le haghaidh tionscadal faoin Scéim um Bonneagar Áineasa Faoin Aer.

‘Tá an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail tar éis maoiniú a dhearbhú le haghaidh réimse tionscadal i gContae Shligigh, agus is mór an spreagadh é sin do na grúpaí deonacha agus na coistí áitiúla iomadúla atá ar theann a ndíchill ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid pobal.

‘Is suntasach na dúshláin atá roimh ár saoránaigh uile faoi láthair, agus tá tábhacht níos mó ná riamh le forbairt ár n-áiseanna áineasa faoin aer, rud a fháilteoimid roimhe go haigeanta. Ba mhian liom Stiúrthóir Seirbhísí Chomhairle Chontae Shligigh, Dorothy Clarke, agus foireann Chomhairle Chontae Shligigh agus Leader a mholadh as a ngairmiúlacht agus iad i mbun oibre leis na pobail éagsúla chun na hiarratais ar dheontais a ullmhú agus a sheoladh isteach; mar sin is mór an airí orthu fógra an lae inniu.’

Ag labhairt di faoin bhfógra maoinithe do na tionscadail, dúirt Stiúrthóir Seirbhísí, Dorothy Clarke, go raibh sé ‘tuillte go maith ag na hoibrithe pobail deonacha, atá tar éis dúthracht agus fuinneamh thar na bearta a léiriú agus iad ag dréim leis na taitneamhachtaí seo a sholáthar’.

Is tionscnamh de chuid Chomhairle Chontae Shligigh é ‘Siúlóidí Shligigh’ atá thar a bheith gníomhach maidir le conairí siúil agus fánaíochta a fhorbairt agus a chur chun cinn i Sligeach. Is féidir faisnéis faoi níos mó ná 50 conair shiúil a fháil ar an láithreán gréasáin SligoWalks.ie agus de bharr an mhaoinithe seo, cuirfear tuilleadh feabhsúchán i bhfeidhm ar shiúlóidí timpeall an chontae ar fad. Cuirfidh sin go mór leis an taitneamh a bhainfimid as ár spásanna lasmuigh, ach ina theannta sin is bua turasóireachta iontach a bheidh ann do Shligeach amach anseo.

Sonraí tionscadail

  • Cothabháil Shiúlóid Cois Abhann Chúil Áine €16,650.00
  • Siúlóid Phortaigh na Mullach, Tobar an Choire – Uasghrádú agus deisiú na conaire reatha €20,000.00
  • Bealach an Choinicéir, Caisleán Mhic Conchúir, Conaire Co. Shligigh Uasghrádú an charrchlóis cuairteoirí agus feabhsú na conaire €20,000.00
  • Conaire Shligigh Uasghrádú agus feabhsú stráice Choill an tSleasa, Loch Gile, Co. Shligigh €20,000.00
  • Siúlóidí Shligigh Uasghrádú, margaíocht agus cur chun cinn €20,000.00
  • Conaire Mhéabha Uasghrádú an bhonneagair siúil, Cnoc na Riabh €20,000.00
  • Conaire Foraoise Bhinn Ghulbain Uasghrádú na Siúlóide Foraoise, Gort an Rabhaidh €20,000.00
  • Loch Bhun Duibhe Oibreacha deisiúcháin ar an gconair, Cliafuine, Co. Shligigh €20,000.00
  • Conaire Charraig Dhomhnaigh Uasghrádú / feabhsú na conaire, Loch Gile, Co. Shligigh €20,000.00

 

Sligo Walks