PEACE IV Action Plan

Plean Gníomhaíochta PEACE IV Údarás Áitiúil Chontae Shligigh á Chur i Láthair i bhFísléiriú

Plean Gníomhaíochta PEACE IV Údarás Áitiúil Chontae Shligigh á Chur i Láthair i bhFísléiriú

Chun cur i bhfeidhm Phlean Gníomhaíochta PEACE IV Údarás Áitiúil Chontae Shligigh a chomóradh, tá Comhairle Chontae Shligigh, a bhí mar Phríomhpháirtí sa tionscnamh, tar éis físeán a choimisiúnú chun aird a dhíriú ar a héachtaí agus iad a chur ar taispeáint.

Ba iad Coiste um Fhorbairt Pobail Áitiúil (LCDC) Shligigh agus a Fho-Choiste PEACE IV a mhaoirsigh cur i bhfeidhm an Phlean.

Sholáthair Comhlacht na gClár Speisialta AE maoiniú don Phlean tríd an gClár Peace IV (an Clár Tacaíochta Speisialta um Shíocháin agus Athmhuintearas), agus chuir an Oifig Feidhmiúcháin i dTuaisceart Éireann agus an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail in Éirinn cistiú meaitseála ar fáil dó.

Tionscnaíodh cur i ngníomh an Phlean go déanach in 2017.  I rith shaolré an Phlean, cuireadh cúig thionscadal faoin téama Leanaí & Daoine Óga i bhfeidhm le haghaidh 283 rannpháirtí idir 3 agus 24 bhliain d’aois. B’éagsúil na téamaí tionscadail a bhí i gceist, agus áiríodh leo ceol, gníomhaíochtaí faoin aer, feasacht ar an éagsúlacht, saoránacht ghníomhach agus tuiscint a spreagadh ar ár stair choiteann. 

Baineadh trí thionscadal amach faoin téama Dea-chaidreamh a Chothú, tionscadail a chlúdaigh réimse téamaí éagsúla lenar áiríodh clár oidhreachta, naisc liteartha thrasteorann agus tionscnamh um chomhfhorbairt áite pobail. Tugadh Clár Miondeontais isteach faoin téama Dea-chaidreamh a Chothú, a thacaigh le cúig thionscadal um chothú síochána arna bhforbairt agus arna stiúradh ag grúpaí pobail. Chlúdaigh sin réimsí leathana amhail idirghabháil pobail, cultúr, agus cartlann stairiúil a chruthú. Áiríodh le dhá cheann de na tionscadail úd eilimintí caipitiúla, mar atá, forbairt Mhúsaem Lasmuigh na Páirce Taispeáintais – ceanncheathrú Sligo Rovers – agus príomheilimint Ghairdín Cuimhneacháin an Chogaidh Mhóir.

Agus é cuimsithe faoin téama Spásanna & Seirbhísí Coiteanna, is spás ionchuimsitheach fáilteach do chách a bheidh sa spás coiteann atá le forbairt i gCarrchlós Shráid Stiofáin ar bhruach na Garbhóige.

Tá réimse na dtionscadal sin le feiceáil san fhíseán agus áirítear agallaimh freisin le páirtithe leasmhara agus rannpháirtithe.

Ag labhairt di faoi seo, dúirt Heather Humphreys TD, an tAire Coimirce Sóisialaí, Pobail agus Forbartha Tuaithe agus na nOileán in Éirinn,

"Is mian liom comhghairdeas a dhéanamh le Comhairle Chontae Shligigh agus le Coiste Peace IV LCDC Shligigh as a bPlean Gníomhaíochta Údaráis Áitiúil, a cuireadh i bhfeidhm ar bhonn maoiniú ó PEACE IV an AE. Thacaigh an Plean go láidir le tionscadail iontacha atá tar éis dul i gcion go mór ar an gceantar, agus san am céanna, chothaigh sé gaolta nua dearfacha idir daoine ó chúlraí éagsúla. Is é an dóchas atá agam ná go mbainfear leas as na scileanna a gnóthaíodh agus na cairdis a rinneadh chun tacú leis an iarracht, sochaí a thógáil a mbeidh bonn coiteann leis dáiríre agus ina gcaithfear le gach duine go cothrom agus go measúil.  

Tá an Clár PEACE níos tábhachtaí anois ná mar a bhí sé riamh, go háirithe i bhfianaise na neamhchinnteachta a bhaineann leis an mBreatimeacht fós, agus is cúis áthais dom, mar sin, go bhfuil mo Roinn féin ag obair i gcomhar leis na Ranna i dTuaisceart Éireann agus le Comhlacht na gClár Speisialta AE ar fhorbairt an Chláir nua PEACE PLUS, a sholáthróidh infheistíocht shuntasach sa réigiún."

Chuir an Chéad-Aire, Arlene Foster, leis sin nuair a dúirt sí:

“Ba thionscadal thar a bheith dearfach é seo sa mhéid gur chabhraigh sé linn tuiscint ar ár stair choiteann a spreagadh. Mar chuid de sin, b’iontach a fheiceáil go raibh aird ar leith á díriú orthu siúd a cailleadh sa Chogadh Mór.

“Is cúis sásaimh dom freisin go raibh comhar maith idir áititheoirí Chomhairle Chontae Shligigh agus Fóram Comhpháirtíochta Devenish in Inis Ceithleann mar chuid den obair a rinneadh chun dea-chaidreamh a chothú.  

“Tréaslaím cur i bhfeidhm rathúil an tionscadail seo leis na comhpháirtithe uile bhí gafa leis.”

Dúirt LeasChéad-Aire Michelle O’Neill:

“Clár iontach a bhí ann, a cheiliúir an éagsúlacht agus a rinne a chion ar mhaithe le dea-chaidreamh a chothú ar ár n-oileán. Tá sé tar éis tacú leis na céadta duine óg a dtuiscint ar an am atá thart a neartú agus tuiscint a ghnóthú ar an tionchar a d’imir an tréimhse sin ar an am i láthair. Is rud ríthábhachtach dúinn é sin agus muid ag tabhairt faoi shíochán a spreagadh de réir mar a oibrímid i dtreo todhchaí choiteann i ndlúthpháirt le chéile.

“Is díol mórtais dom é gur thacaigh an Oifig Feidhmiúcháin leis an tionscadal PEACE IV seo, agus tá áthas an domhain orm gur ghlac baill ó mo thoghcheantar féin i Lár Uladh páirt sa Tionscadal Liteartha. Comhghairdeas le gach duine a bhí páirteach ann.”

Arsa Gina McIntyre, Príomhfheidhmeannach Chomhlacht na gClár Speisialta AE: "

Ba mhian liom comhghairdeas a dhéanamh le Comhairle Chontae Shligigh as an méid atá bainte amach acu ina bPlean Gníomhaíochta PEACE IV. Tá bearta as cuimse tugtha chun críche le trí bliana anuas faoi gach ceann de na trí shnáithe atá sa phlean.  Mar thoradh ar an ngníomhaíocht sin, tugadh daoine le chéile, forbraíodh agus cothaíodh na céadta páiste agus duine óg, agus cruthaíodh spás coiteann nua taobh leis an nGarbhóg. Is léiriú an méid sin ar an obair iontach atá ar siúl i ngach ceann de chontaetha an teorann agus ar fud Thuaisceart Éireann.

"Bua eile a bhaineann leis an obair shárluachmhar seo ná go leagtar béim ar a thairbhí atá sé, daoine a bheith ag maireachtáil as lámha a chéile i bpobail shíochánta, agus go gcabhraíonn sé sochaí níos muiníní aontaithe a fhorbairt, atá réidh le haghaidh a thabhairt ar an todhchaí. Na húdaráis áitiúla ar dhá thaobh an teorann ba chúis leis sin go príomha, agus leanfaidh siad den chomhar de réir mar a ghluaisimid i dtreo an Chláir nua PEACE PLUS an bhliain seo chugainn," a dúirt sí. 

Ag labhairt dó faoin scéal, dúirt an Comhairleoir Dara Mulvey, Cathaoirleach Chomhairle Chontae Shligigh agus Cathaoirleach Choiste um Fhorbairt Pobail Áitiúil (LCDC) Shligigh:

“Tá Plean Gníomhaíochta PEACE IV Údarás Áitiúil Chontae Shligigh i gcomhréir le traidisiúin na dtrí thionscnamh PEACE a tháinig roimhe, sa mhéid gur lean sé de na hiarrachtaí ar mhaithe le hinfheistiú i gcothú síochána, dea-chaidreamh pobail agus na bearnaí idir grúpaí a dhruidim.

Chuir Dorothy Clarke, Stiúrthóir Seirbhísí i gComhairle Chontae Shligigh, leis an méid sin nuair a dúirt sí,

“Is tábhachtach aitheantas a thabhairt don chion oibre atá déanta ag baill LCDC Shligigh agus a Fho-Choiste PEACE IV.  Ar an gcaoi chéanna, tá buíochas mór tuillte ag Comhlacht na gClár Speisialta AE agus ag an dá roinn a sholáthair cistiú meaitseála.”