Kempten Virtual Meeting

Nasc físe chun ár gcaidreamh lenár gcairde in Kempten a choimeád

Nasc físe chun ár gcaidreamh lenár gcairde in Kempten a choimeád

Tá an-chuid cuairteanna malartaithe eagraithe idir Sligeach agus Kempten ó cuireadh an Caidreamh Nasctha ar bun eatarthu 30 bliain ó shin. Cé go bhfuil na srianta mar gheall ar an bpaindéim Covid tar éis cur isteach ar an teagmháil seo, bhí an Méara, an Comhairleoir Rosaleen O’Grady, agus Méara Kempten, Thomas Kiechle, ar a ndícheall ag iarraidh bealach a aimsiú leis an gcairdeas seanbhunaithe seo a choinneáil fad is go mbeadh na srianta ar thaisteal i bhfeidhm.

Ar an Déardaoin seo caite, d’óstáil na Méaraí ‘cruinniú fíorúil’, inar thug Ambasadóir na Gearmáine chun na hÉireann, Deike Potzel, atá ina cuairteoir rialta chuig Sligeach, teachtaireacht speisialta uaithi.

Orthu siúd a bhí i láthair as Sligeach, bhí an Méara, an Comhairleoir Rosaleen O’Grady; Príomhfheidhmeannach Tom Kilfeather; an Comhairleoir Declan Bree, Coiste Nasctha Bhaile Shligigh; Dymphna Gorman, Uachtarán Nascadh Bhaile Shligigh; agus Kevin Colreavy, Seirbhísí Corparáideacha.

Bhí an Méara Kiechle i láthair, chomh maith lena bhean Ulli; Claudia Michne, Nascadh Bhaile Kempten; agus Elisabeth Heinz, Oifig an Mhéara.

Mayor Kiechle_With wife Ulli

Dúirt an Méara O’Grady, cé gurbh fhearr linn dar ndóigh ár gcairdeas seanbhunaithe a chothú trí chaidreamh pearsanta, gur ‘rud úrnua é an fóram fíorúil seo’ ó thaobh Nascadh Sligeach-Kempten de. Tar éis bliain thar a bheith dúshlánach don dá phobal, tá léas dóchais ann faoi dheireadh, agus táimid ag súil le cúrsaí a bheith normálta ar chaoi éigin go gairid. Go dtí sin, beimid fós cúramach, cuirfimid an réamhchúram cuí i bhfeidhm agus beidh tús áite go fóill ag sláinte agus folláine na ndaoine is leochailí inár bpobal.’

Chuir an Méara sainteachtaireacht i láthair ó Ambasadóir na Gearmáine chun na hÉireann, Deike Potzel, atá ina cuairteoir rialta chuig Sligeach.

Ag labhairt di faoi chuairt a thug toscaireacht ó Shligeach ar Ambasáid na Gearmáine in 2019, mhol an Méara Ambasadóir Potzel as a flaithiúlacht agus as an bhfáilte mhór a chuir sí roimh an toscaireacht.

Ina teachtaireacht físe, thréaslaigh Ambasadóir Potzel leo siúd a raibh baint acu le Kempten agus Sligeach, a fheabhas a d’éirigh leo an cairdeas fuinniúil seo a neartú a bhuí leis na tionscnaimh mhalartacha a d’eagraigh siad ag roinnt mhaith leibhéal – tionscnaimh shibhialta, spóirt, oideachais agus cultúir – agus mhol sí an Cumann Nasctha as bealaí nua a aimsiú le cumarsáid a dhéanamh i rith na paindéime.

Mheabhraigh Mayor Kiechle dúinn bunús agus forbairt an Nasctha Kempten-Sligeach, agus thug sé aitheantas do bheirt ar leith atá tar éis éacht a dhéanamh ar mhaithe leis an gcaidreamh, mar atá, Dymphna Gorman i Sligeach agus Claudia Michne in Kempten. Phléigh sé tionchar na paindéime Covid ar a phobal áitiúil agus bhí spéis aige comparáid a dhéanamh idir cúrsaí i Sligeach agus cúrsaí in Kempten i ndáil le hospidéil agus scoileanna.

Chuir an Comhairleoir Declan Bree an Méara Kiechle ar an eolas faoi na socruithe a bhaineann le cruinnithe Comhairle a óstáil i rith na paindéime, agus luaigh sé sa chomhthéacs sin go raibh ag éirí leo a ngnó a chur i gcrích i bhformáid ‘hibrideach’, is é sin, cuid de na Comhaltaí i láthair i Seomra na Comhairle agus an chuid eile ag freastal go fíorúil.

Rinne an Príomhfheidhmeannach Tom Kilfeather cur síos ar chúrsaí geilleagair go náisiúnta agus go háitiúil, agus luaigh sé go raibh an-chuid tacaíochta faighte ón Rialtas go dtí seo ag gnóthais agus ag daoine a raibh a bpoist caillte acu de bharr na paindéime.  

Phléigh Dymphna Gorman, Uachtarán Nascadh Bhaile Shligigh, na tionscnaimh is déanaí, agus tá sí ag obair i ndlúthpháirt faoi láthair le hAmbasáid na Gearmáine i mBaile Átha Cliath chun clár scileanna teanga a chur chun cinn trínár scoileanna áitiúla.

Leag an Méara Kiechle pleananna amach le haghaidh ‘Festwoche’ [Féile] Bliantúil ‘Fíorúil’ i mí Lúnasa, agus dhearbhaigh an Méara O’Grady go raibh sí ag súil le fearadh na fáilte a chur roimh ár gcairde ó Kempten i Sligeach a luaithe a mhaolófaí na srianta reatha.