Achoimre Nuachta, Meitheamh Iúil 2016

Comhairle Contae Shligigh - Achoimre Nuachta, Meitheamh / Iúil 2016

Meitheamh / Iúil 2016

Clár Aoisbháúil an Chrainn Mhóir

Bhí an lá le Clár Aoisbháúil an Chrainn Mhóir nuair a fuair siad an bua ag na Gradaim Náisiúnta Aoisbháúla a bhí ar siúl i gCill Iníon Léinín, Baile Átha Cliath. Scéim náisiúnta is ea na gradaim, a bhfuil mar aidhm acu aitheantas a thabhairt do na samplaí dea-chleachtais is fearr ar fud fad na hÉireann ó thaobh éascú do dhaoine dul in aois. Fuair painéal na ngradam na céadta iontráil i réimse catagóirí. Bhain an coiste ón gCrann Mór an gradam amach sa chatagóir don Timpeallacht Aoisbháúil is Fearr.  Bhí Sligo Lend A Hand ar an ngearrliosta faoin gcatagóir do Thithíocht agus Baile freisin. 

Sligeach: Príomhchathair na hEorpa um Oibriú go Deonach, 2017

D’fhógair Ionad Shligigh um Oibriú go Deonach na pleananna a bhí acu i gcomhair Sligeach: Príomhchathair na hEorpa um Oibriú go Deonach, 2017.  Déanfar réimse imeachtaí a eagrú ar mhaithe le hoibrithe deonacha agus dóibh siúd a bhaineann leas as a ndéanann siad, d’fhonn aitheantas a thabhairt don difríocht a dhéanann an oibriú deonach i Sligeach agus níos faide ó bhaile. 

Fáiltiú óstáilte ag an gCathaoirleach Rosaleen O’Grady do Ghairmithe Sláinte:

D’óstáil Cathaoirleach Chomhairle Contae Shligigh fáiltiú i Halla an Chontae in onóir do bheirt ghairmithe sláinte a bhfuil an barr beirthe acu ar a réimsí ar leith, .i. Martina Harkin Kelly agus Susan Moore.

Toghadh Martina Harkin-Kelly ina huachtarán ar Chumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann (INMO) an mhí seo caite.  Tá an dualgas iontach tábhachtach seo leagtha uirthi tar éis di bheith ina haltra le 30 bliain anuas. Bhí Martina ar Chomhairle Feidhmiúcháin INMO ar feadh 4 bliana agus toghadh mar an dara leasuachtarán in 2015 í.

Bronnadh ‘Altra na Bliana ó thaobh Cúram Stóma de’ ar Susan Moore, agus ní féidir na fáthanna ar fad a bhfuair sí an gradam sin a lua sa sliocht gairid seo.  Tá taithí breis is 20 bliain aici sa Chúram Stóma, agus chuir sí Grúpa Tacaíochta Stóma Shligigh ar bun, a mheastar atá ar an ngrúpa stóma is gníomhaí dá leithéid sa tír. 

Cruinnithe Ginearálta Bliantúla Chomhairle Contae Shligigh agus na gCeantar Bardasach

Tionóladh Cruinnithe Ginearálta Bliantúla Chomhairle Contae Shligigh agus Cheantair Bhardasacha Shligigh agus Bhaile an Mhóta-Thobar an Choire Dé Luain, an 20 Meitheamh. Toghadh an Comhairleoir Hubert Keaney ina chathaoirleach ar an gComhairle, toghadh an Comhairleoir Marie Casserly ina méara ar Cheantar Bardasach Shligigh, agus toghadh an Comhairleoir Dara Mulvey ina chathaoirleach ar Cheantar Bardasach Bhaile an Mhóta-Thobar an Choire. 

Tús Curtha le Leabhair Chomhbhróin i Halla an Chontae agus i Halla na Cathrach

D’oscail an Méara Marie Casserly agus an Cathaoirleach Hubert Keaney leabhair chomhbhróin go hoifigiúil i gcuimhne orthu siúd a cailleadh sna heachtraí tragóideacha a thit amach in Florida agus in Nice le déanaí.