Identification of Bathing Waters

Local authorities must identify official bathing areas in their area every year so that they can be monitored for safety, water quality and their level of use. To help with this process, Sligo County Council are asking people who swim at beaches and lakes to tell them if they think they should maintain existing designated bathing waters designations or give a new official bathing area designation to areas that are commonly used for swimming but not identified at the present time. 

Under European and Irish law, local authorities must identify bathing waters each year so that these areas can be monitored to ensure they meet stringent microbiological water quality standards. In some cases, the official bathing areas are also the areas where local authorities focus their resources providing lifeguards during the summer season. These laws also require that the local authority prepares detailed descriptions or profiles for each of the identified bathing water sites that describe not just the bathing area but also areas in the surface waters catchment area that could be a source of pollution. The profiles include an assessment of the risk of pollution and what action would be taken if pollution occurs.

Rosses Point, Enniscrone, Mullaghmore, Streedagh and Dunmoran Beach have been identified for the 2025 bathing season. 

If you are a regular swimmer and want to help your Council decide which bathing areas should be classified as such, please review the criteria set out in the EPA document: Public advise on the identification of new bathing areas which are available for download at www.epa.ie. This document includes the template required to make your submission.
 
Submissions can be made using the required template by email to bathingwater@sligococo.ie

The closing date for submissions to Sligo County Council is 26th September 2025. For further information please contact bathingwater@sligococo.ie / 071 911 1461.

The bathing water quality results and annual classification of bathing waters can be viewed at www.beaches.ie. The latest available EPA report Bathing Water in Ireland Report can be viewed here: https://www.epa.ie/publications/  

 


 

Ní mór d’údaráis áitiúla láithreacha oifigiúla snámha a shainaithint ina limistéar gach bliain ionas gur féidir faireachán a dhéanamh ar na láithreacha sin maidir lena sábháilteacht, lena gcáilíocht uisce agus lena leibhéal úsáide.

D’fhonn cabhrú leis an bpróiseas sin, tá Comhairle Chontae Shligigh ag iarraidh ar dhaoine a bhíonn ag snámh ag tránna, i lochanna nó in aibhneacha a chur in iúl di cé acu ba cheart di na hainmniúcháin reatha uiscí snámha a choinneáil i bhfeidhm nó ainmniúchán oifigiúil nua láthair shnámha a thabhairt do láithreacha a úsáidtear chun críocha snámha go minic agus nach bhfuil sainaitheanta mar láithreacha snámha faoi láthair.

Faoin dlí Eorpach agus faoi dhlí na hÉireann, ní mór d’údaráis áitiúla in Éirinn uiscí snámha a shainaithint gach bliain ionas gur féidir faireachán a dhéanamh ar na huiscí sin chun a chinntiú go gcomhlíonann siad dianchaighdeáin mhicribhitheolaíocha cháilíocht uisce. I gcásanna áirithe, is ionann na láithreacha oifigiúla snámha agus láithreacha a gcuireann údaráis áitiúla gardaí tarrthála ar fáil iontu le linn an tsamhraidh.  Ceanglaítear leis na dlíthe sin freisin go n-ullmhóidh an t-údarás áitiúil cur síos nó próifílí mionsonraithe do gach ceann de na láithreacha sainaitheanta uisce snámha ina limistéar. Ní hé amháin go gcuirfidh an t-údarás áitiúil síos sna próifílí sin ar an láthair shnámha lena mbaineann, ach cuirfidh sé síos freisin ar aon limistéir i ndobharcheantar na n-uiscí dromchla a d’fhéadfadh a bheith ina bhfoinse truaillithe. Áirítear leis na próifílí chomh maith measúnacht ar an mbaol truaillithe agus ar an ngníomh a dhéanfaí dá dtiocfadh aon truailliú chun cinn.

Aithníodh Pointe na Rossan, Inis Crabhann, Mullach Mór, An tSrithideach agus trá Dhún Móráin do shéasúr snámha 2025.

Más rud é gur snámhaí rialta thú agus gur mhaith leat cabhrú le do Chomhairle áitiúil a chinneadh faoi cé na láithreacha snámha ba cheart a rangú dá réir an meid a luáítear thuas, déan measúnú, le do thoil, ar an critéir atá leagtha amach i doiciméid an Gníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil “Public advice on the identification of new bathing areas” ar féidir íoslodáil ag www.epa.ie  Tá an teimpléad atá de dhith chun d’aighneacht a dhéanamh le fáil sa doiciméid seo.

Is féidir aighneachtaí a dhéanamh ag úsáid an teimpléad riachtanach trí r-phost a sheoladh chuig bathingwater@sligococo.ie  
 
Is é an 26ú Meán Fomhair 2025 an dáta deiridh a ghlacfar le haighneachtaí chuig Comhairle Chontae Shligigh. Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le bathingwater@sligococo.ie nó 071 911 1461

Is féidir torthaí an cháilíocht uisce agus rangú uisce bhliantúil a fheiceáil ag www.beaches.ie  

Is féidir an tuairisc is déanaí an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil “Bathing Water in Ireland”a fheiceáil anseo:  https://www.epa.ie/publications/