Glao ar Léirithe Spéise
Ceannach Forbairtí Tithíochta Lándéanta le haghaidh Tithíocht Shóisialta
Tithíocht do Chách - Plean Tithíochta Nua d’Éirinn
GLAO AR LÉIRITHE SPÉISE
Ceannach Forbairtí Tithíochta Lándéanta le haghaidh Tithíocht Shóisialta
Conraitheoirí Tógála, Forbróirí, Úinéirí Réadmhaoine
Mar fhreagairt don doiciméad straitéise dar teideal Tithíocht do Chách - Plean Tithíochta Nua d’Éirinn, ar fhoilsigh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta é, Tá Comhairle Chontae Shligigh ag iarraidh “Léirithe Spéise” ar dá mbarr is féidir go gceannófar teaghaisí le haghaidh cóiríocht tithíochta sóisialta i mBaile Shligigh agus i lonnaíochtaí sonracha ar fud Chontae Shligigh trí Fhorbairtí Lándéanta a sholáthar idir na blianta 2024 agus 2026, agus an dá bhliain sin san áireamh.
Ceanglaítear cóiríocht ardchaighdeáin atá suite ag láthair mhaith, ar féidir í a sholáthar go luath agus lena mbaineann luach maith ar airgead. Moltar do pháirtithe leasmhara raon feidhme na scéime a athbhreithniú tríd an nasc Gréasáin thíos. Mairfidh téarma na hiarrata seo tréimhse 6 mhí ó dháta an fhógra seo.
Ba cheart léirithe spéise a sheoladh i scríbhinn chuig:
Emer Concannon, Stiúrthóir Seirbhísí Gníomhach
Comhfhorbairt Áite & Ceantar Bardasach Bhaile an Mhóta - Thobar an Choire
Comhairle Chontae Shligigh, Halla na Cathrach, Sráid na Cé, Sligeach F91 PP44
I gclúdach séalaithe marcáilte go soiléir "Léiriú Spéise - Forbairtí Tithíochta Lándéanta le ceannach mar Thithíocht Shóisialta i gContae Shligigh."