Achoimre Nuachta, Márta 2017

Achoimre Nuachta, Márta 2017

D’óstáil Ceantar Feabhsaithe Gnó Shligigh, arna thacú ag Coimisiún Forbartha an Iarthair, ceardlann leathlae d’fhonn aithint a dhéanamh ar eochairthionscadail a d’fheabhsódh Sligeach mar rogha cinn scríbe sa bhliain atá amach romhainn.

Bhí breis is 40 gnóthas, Comhairle Contae Shligigh, Comhlachas Tráchtála Shligigh, Turasóireacht Shligigh, IT Shligigh, agus Conair Bhia Shligigh i láthair, dream a rinne mionphlé ar réimsí oibre a gcaithfear machnamh a dhéanamh orthu le Sligeach a chur chun cinn.  I measc na réimsí a ndearna plé orthu bhí Forbairt, Margaíocht agus Cur Chun Cinn Gnóithe, Infreastruchtúr agus an Réimse Poiblí, Féilte agus Imeachtaí.

 

Coiste Lá Fhéile Pádraig Shligigh ag glacadh le hiontrálacha le bheith páirteach i bParáid Lá Fhéile Pádraig, 2017 anois. Is í an Obair Dheonach téama na bliana seo de bharr gur roghnaigh an Lárionad Eorpach um Obair Dheonach Sligeach mar Phríomhchathair Oibre Deonaí na hEorpa, 2017.

 

seirbhísí leabharlainne Údarás Áitiúil ar fud fad na hÉireann ag obair as lámha a chéile le 18 mí anuas le haon chomhchatalóg leabharlainne amháin a chur i dtoll a chéile in aon chomh-ríomhchóras amháin. Thug Seirbhís Leabharlainne Shlighigh isteach an ríomhchóras nua seo, darb ainm Sierra, Dé Céadaoin, an 1 Márta 2017. Fágann sé sin gur féidir le baill i Sligeach míreanna a thógáil amach ar iasacht ó chatalóg ollmhór, a chuimsíonn leabharlanna ar fud fad na tíre agus a bhfuil na milliún míreanna inti.