Achoimre Nuachta, Eanáir 2018

Achoimre Nuachta, Eanáir 2018

Tá an rialtas tar éis an maoiniú do phríomhbhóithre náisiúnta Shligigh a mhéadú beagnach faoi dhó i mbliana.

€17M AG DUL DO SHLIGEACH LE hAGHAIDH CHLÁR NA mBÓITHRE, 2018

Tá an rialtas tar éis an maoiniú do phríomhbhóithre náisiúnta Shligigh a mhéadú beagnach faoi dhó i mbliana.  D'fhógair Bonneagar Iompair Éireann (TII) go mbeadh €17.6 milliún ag dul do Chomhairle Contae Shligigh le haghaidh Chlár na mBóithre, 2018, rud arb é an leithdháileadh bliantúil is mó riamh é.  I measc na dtionscadal a bheidh mar chuid den chlár tá na huasghráduithe ar an N4 ó Chúil Mhuine go Béal Átha na gCarraigíní, an N17 ó Thobar an Choire go Cúil Mhuine, an N4/15 ag Droichead Mhic Aodha i mBaile Shligigh, an N16 ag Bóthar Chluainín agus an N59 ag Bóthar Bhéal an Átha.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Cathaoirleach Chomhairle Contae Shligigh, an Comhairleoir Séamus Kilgannon:  ‘Tá tábhacht nach beag ag baint lenár n-infreastruchtúr iompar a uasghrádú do Shligeach agus don Iarthuaisceart, go háirithe ó thaobh na fiontraíochta agus na turasóireachta de.’

 

Barrachas €4.5M Tuairiscithe ag an gComhairle do na Trí Bliana Anuas

Deimhníodh barrachas ioncaim €2.11M don bhliain 2016 tar éis do Chomhairle Contae Shligigh iniúchadh a dhéanamh ar na cuntais agus tá gach cosúlacht ar an scéal anois go mbeidh barrachas €1.6M ann don bhliain 2017 chomh maith.  Nuair a chuirtear an méid sin leis an mbarrachas a bhí ann in 2015, is é €4.5M an barrachas iomlán do na trí bliana anuas.  Baineadh an dea-thoradh amach a bhuíochas le héifeachtúlachtaí, laghduithe ar bhonn costas na Comhairle, rialú buiséid docht daingean agus bailiú ioncaim feabhsaithe, rudaí a d'éascaigh sreabhadh airgid níos fearr.