Achoimre Nuachta, Deireadh Fómhair 2016

Comhairle Contae Shligigh - Achoimre Nuachta, Deireadh Fómhair 2016

Chuir an Rannóg Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil in iúl do Chomhairle Contae Shligigh ar an 3 Deireadh Fómhair go raibh sí toilteanach earcú seisear ball foirne a cheadú chun dul i ngleic leis an ngéarchéim atá ag cur as do Sheirbhís Leabharlainne Shligigh faoi láthair. Tá ceadaithe ceathrar buanbhall foirne, chomh maith le beirt bhall foirne ar conradh sé mhí.

Foilsíodh fógra poiblí maidir le hearcú na mball foirne leabharlainne nua sa Sligo Champion le déanaí. Tá foirmeacha iarratais i gcomhair na bpost le fáil ón Rannóg Acmhainní Daonna, Comhairle Contae Shligigh, Áras an Chontae, Cois Abhann, Sligeach, fón: (071) 9111025 nó r-phost: sligococojobs@sligococo.ie.  Is féidir teacht ar na sonraí ar líne ag www.sligococo.ie nó ag www.localgovernmentjobs.ie.

Ós rud é go dtógfaidh an próiseas earcaíochta tamall, leanfar ar aghaidh ag dúnadh Leabharlanna Craoibhe, ceann i ndiaidh a chéile, i Sligeach, i mBaile an Mhóta agus i dTobar an Choire, go dtí go gceapfar na baill foirne nua.

Is oth le Comhairle Contae Shligigh go bhfuil na fadhbanna seo fós ag cur isteach ar an tseirbhís, ach is mian linn Baill na Leabharlainne agus an pobal i gcoitinne a chur ar a suaimhneas go dtabharfar na seirbhísí ar fad ar ais arís a luaithe a earcófar na baill foirne nua.

De bharr go mbeidh na leabharlanna ag dúnadh ceann i ndiaidh a chéile, beidh feidhm ag uaireanta oscailte athbhreithnithe i gcás Leabharlanna Craoibhe as seo go dtí lár mhí na Nollag 2016. Tá na huaireanta oscailte sin le fáil ar ár láithreán gréasáin www.sligococo.ie.